A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Agus ré gaċ uile ċréutuir béo dá ḃfuil maille riḃ, do néunlaiṫ, do náirnéis, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ atá aguiḃ; ón uile da ndeaċuiḋ amaċ as an áirc, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ.
Agus daingneoċaiḋ mé mo ċunnraḋ riḃ; agus ní sgriosfuiġear amaċ gaċ uile ḟeóil ní is mó lé huisgiḋiḃ na dileann; agus ní mó ḃias díle ann ni is mó do sgrios na talṁan.