Féuċ, do ḋíbir tú mé ó aġuiḋ na talṁan san ló a niuġ; agus foileoċar ód ġnúis mé, agus béad am ṫeiṫṁeaċ agus am ḋeóruiġe annsa talaṁ, agus tiucfa as sin, giḋ bé air biṫ ṫeigeoṁas riom, go muirfiḋ sé mé.
Agus do ḟreagair Reuben íad, dá raḋ, Naċ ar laḃair misi riḃ, dá raḋ; Ná peacuiġiḋ a naġaiḋ an leiniṁ; agus níor éisdeaḃhair rium? ar a naḋḃarsin, féuċuiḋ, mar an cceadna, atá a ḟuil dá leanṁuin oruiḃ.
Ga ṁéid ós a ċionn sin, a nuáir do ṁarḃadar droċ ḋaoine duine fíreunta ann a ṫiġ féin ar a leabuiḋ? naċ íarrfa misi air a naḋḃarsin anois a ḟuilsion as ḃur láṁuiḃsi, agus siḃsi ṫógḃáil do ḋruim na talṁan?
Anois ar a naḋḃarsin ná meassa neiṁċiontaċ é: óir is duine críonna ṫú, agus atá a ḟios agad cred is cóir ḋuit do ḋéanaṁ ris; aċd taḃair a ċeann líaṫ síos ċum na huáiġe ré fuil.
Ad haġaiḋsi, féin aṁáin, do ṗeacaiḋ mé, agus ad raḋarcsa do rinneas an tolc: ċum go ḃfíoruiġṫear ṫusa ann hurlaḃra, agus go raḃair fíorġlan ann do ḃreiṫeaṁnus.
Agus naċ dtiuḃra go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe é, do ofráil íoḋbarṫa don TIĠEARNA as coinne ṫabernacuil an TIĠEARNA; cuirfiġear fuil a leiṫ an ḟirsin; do ḋóirt sé fuil; agus gearrfuiġear an duine sin amaċ ó ṁeasg a ḋáoine:
Agus sáorfuiḋ an coṁċruinniuġaḋ an marḃṫóir amaċ as láiṁ ḋioġaltóra na fola, agus áiseoċuiḋ an coṁċruinniuġaḋ é go caṫruiġ a ḋídin, ionar ṫeiṫ sé: agus fánfuiḋ ann go bás a nárdṡagairt, noċ do hungaḋ leis a nola náoṁṫa.
Mar sin ní ṫruállfíḋe an dúṫaiġ ann a ḃfuiltí: óir truailliḋ a nfuil an dúṫaiḋ: agus ní héidír an fearann do ġlanaḋ ón nfuil ḋóirtear ann, aċd lé fuil an té do ḋóirt í.
Oír a sé searḃḟoġantuiḋe Dé é ċum do ṁaiṫeasasa. Aċd dá ndéarnaiḋ tú olc, bíoḋ eagla órt; óir ní go dioṁáoineaċ iomċras sé an cloiḋeaṁ: óir a sé searḃḟoġantuiḋe Dé é, na ḋioġaltóir feirge ar an tí do ní olc.
¶ Aċ má ḟúaṫuiġionn duine ar biṫ a ċoṁarsa, agus go mbiáiḋ a ḃforaire air, agus go néireoċuiḋ air, agus go mbuáilfiḋ go marḃṫaċ é ċor go ḃfuiġe bás, agus teiṫiġ sé go caṫruiġ ḋíoḃso:
Cía bé ḃéuras neaċ ris a mbruid raċuiḋ sé féin a mbruid: cía bé ṁarḃas ré cloíḋeaṁ is éigean é féin do ṁarḃaḋ ré cloíḋeaṁ. Is ann so atá foiġid agus creideaṁ na náoṁ.
Agus a duḃaírt Samuel, Mar do rinne do cloiḋeaṁsa mná gan ċloinn, mar sin ḃías do ṁaṫairsi gan ċloinn a measc na mban. Agus do ġeárr Samuel Agag na ċotċannuiḃ a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal.