Uimesin abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Iṫiḋsi maille ris an ḃfuil, agus tógṫaói ḃur súile súas ċum ḃur nioḋal, agus dóirtiġe fuil: agus an sealḃoċuiḋese an fearann?
Go seaċna siḃ féin ar neiṫiḃ do níṫear ofráil dioḋaluiḃ, agus ar ḟuil, agus ar ní taċduiġe, agus ar striopṫaċus: má ċongḃuiṫí siḃ féin úaṫa so, is maiṫ do ḋéuntáoi. Slán liḃ.
¶ Ni íostaói éinní reaċus déag uaḋ féin: do ḃéura tú é don ċoiṁiḋeaċ ḃías ann do ḋoirsiḃ, go niṫe sé é; nó féadfa tú a ḋíol ris an ndeóraiḋ: óir is pobal náoṁṫa ṫusa don TIĠEARNA do Ḋía. Ní ḃruiṫfe tú meannán a mbainne a ṁaṫar.
Agus do ṫiomáineadar na daóine ar na creaċaiḃ, agus do ġaḃadar cáoiriġ, agus daiṁ, agus gaṁna, agus do ṁarḃadar ar an ttaluṁ íad: agus dúadar na daóine íad, maílle re na ḃfuil.