Agus a dúḃairt sé, Go maḋ beannuiġe an TIĠEARNA Día mo ṁaiġistir Abraham, naċ ar ḋearmuid mo ṁaiġistir ann a ṫrócaire, agus ann a ḟírinne: ar mbeiṫ ḋaṁsa ar sliġe, do ṫreóruiġ an TIĠEARNA mé go tiġ ḋearḃráiṫreaċ mo ṁaiġistir.
Go ndéana puibleaċa seirḃís duit, agus go nuṁluiġe ciniḋeaċa síos duit; bi ad ṫiġearna ós cionn do ḋearḃráiṫreaċ, agus uṁluidís mic do ṁaṫar ḋuit: go má malluiġe gaċ áon ṁailleóċus tú, agus go ma beannuiġe an té ḃeinneóċus tú.
Agus do ḟreagair Isaac agus a duḃairt re Hesau, Féuċ, do rinne me eision na ṫiġearna ort, agus tug mé a ḋearḃraiṫre uile na serḃíseaċuiḃ ḋó; agus lé harḃar, agus le fíon do ċonnuiṁ mé súas é: agus créad do ḋéun riotsa a nois, a ṁic?
Agus led ċloiḋeaṁ ḃiais tú ad ḃeaṫaiḋ, agus biáiḋ tú ag seirḃis dot ḋearḃraṫair; agus tiucfuiḋ a ccríċ a nuair do geaḃa tú úaċdaranaċd, go mbrisfiḋ tú a ċuingsion dot ṁuinéul.
Aċd a nois atá a ndúil a ndúiṫċe as féarr, eaḋon, sa dúiṫċe neaṁġa: úime sin ní nár lé Día ḋá dtáoḃsan, a Ndía do ġairm ḋe: oír do ullṁuiġ sé caṫair ḋóiḃ.
Annois ar a naḋḃarsin atáṫaoi malluiġ, agus ní ḃiáiḋ éanduine aguiḃ saor ó ḃeiṫ ḃur ndaóirsineaċuiḃ, agus ḃur luċd búana connuiġ agus tairngṫe uisge ċum tiġe mo Ḋé.