Agus a duḃairt an TIĠEARNA Día ris a naṫair niṁe, Do ḃriġ go ndéarna tú so, atá tú malluiġe ós an uile áirneis, agus ós gaċ uile ainṁiḋe an ṁaċaire: ar do ḃolg ṡiuḃólus tú, agus luaiṫreaḋ íosas tú ar feaḋ uile laéṫe do ḃeaṫa;
Go maḋ malluiġe a ḃfearg, óir do ḃí sí niṁneaċ; agus a ndíḃfeirg, óir dó ḃí sí fioċṁar: roinnfiḋ me íad an Iácob, agus scaóilfead ó ċéile íad an Israel.
Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luċd na láiṁe clí, A ḋáoine malluiġṫe, imṫiḋiḋ úaim ann sa teiniḋ ṡiorruíḋe, atá ar na hullṁuġaḋ don diaḃal agus dá aingliḃ:
Annois ar a naḋḃarsin atáṫaoi malluiġ, agus ní ḃiáiḋ éanduine aguiḃ saor ó ḃeiṫ ḃur ndaóirsineaċuiḃ, agus ḃur luċd búana connuiġ agus tairngṫe uisge ċum tiġe mo Ḋé.
Agus do rinne Iosua an lá sin geárrṫóiriḋ connuiġ ḋíoḃ agus tairngṫeóiriḋ uisge don ċoṁċruinniuġaḋ, agus daltóir an TIĠEARNA, gus an niuġ, annsa náit do ṫoiġfeaḋ sé.