16 Agus bíaiḋ an boġa annsa néull; agus féuċfa misi air, ionnus go cuiṁneoċa mé an cunnraḋ bioṫḃúan eidir Día agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeóil dá ḃfuil ar an ttalaṁ.
Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.
Agus daingneoċuiḋ mé mo ċunnraḋ eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do ṡíol ad ḋiaiġ ann a ngeinealaċuiḃsin mar ċunnrad siorruiḋe, do ḃeiṫ am Ḋía ḋuitse, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ.
Má atá naċ ḃfuil mo ṫiġ marsin ag Día; giḋeaḋ do rinne sé ceangal síorruiḋe riomsa, órduiġṫe ann gaċ uile ní, agus daingion: óir sé so mo ṡlánuġaḋsa uile, agus mfonn uile, mátá naċ dtiuḃra seision air fás.
Agus do ḋéana mé beannuġaḋ ḋíoḃsan agus do na háitiḃ timċioll fa ccúairt mo ċnuic; agus do ḃéara mé ar an ccioṫ ṫeaċt a núas iona am; biáiḋ ceaṫa beannaċda ann.
Tuilleaṁ oile do ḋéana mé cunnraḋ síoṫċána ríu; biáiḋ sé na ċunnraḋ ṡíorruiḋe aca: agus áiteoċa mé íad, agus foirlíonfa mé íad, agus suiġeoċa mé mo ṡanctóir iona lár go bráṫ.