Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 9:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus cuiṁneoċaiḋ mé mo ċunnraḋ, ata éadrum féin agus siḃsi agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeoil; agus ní ṫiocfaiḋ uisgiḋe na dílionn do sgrios gaċ uile ḟéola ni as mo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 9:15
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.


Agus ré gaċ uile ċréutuir béo dá ḃfuil maille riḃ, do néunlaiṫ, do náirnéis, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ atá aguiḃ; ón uile da ndeaċuiḋ amaċ as an áirc, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ.


Agus daingneoċaiḋ mé mo ċunnraḋ riḃ; agus ní sgriosfuiġear amaċ gaċ uile ḟeóil ní is mó lé huisgiḋiḃ na dileann; agus ní mó ḃias díle ann ni is mó do sgrios na talṁan.


Agus as aṁluiḋ ḃías, a nuáir do ḃéara mé néull ós cionn na talṁan go ḃfaicfiġear an boġa ann sa néull.


Agus a duḃairt sé, A ṪIĠEARNA Día Israel, ní ḃfuil éan Día cosṁuil riotsa, air neaṁ ṡuás, nó ar taluṁ ṡíos, noċ ċoṁallus cunnraḋ agus trócaire dot ṡeírḃíseaċuiḃ noċ ṡiuḃluiġios ad laṫair maille ré croiḋe iomlan:


Anois ar a naḋḃarsin ó ar Ndíane, an Día mór cuṁaċtaċ, agus úaṫḃásaċ, noċ ċoiṁlíonus cunnraḋ agus trócaire, na míṁeastar ad laṫair an buáiḋreaḋ, noċ ṫáinic oruinne, air ar ríoġuiḃ, air ar bprionnsaḋuiḃ, agus air ar sagartuiḃ, agus air ar ḃfáiġiḃ, agus air ar naiṫriḃ, agus ar do ṗobal uile, ó aimsir ríġ na Hassíria gus a niuġ.


Agus do ċuiṁniġ sé ḋóiḃ a ċunraḋ, agus do ḃí aiṫreaċus air do réir iomad a ṫrócaire.


Agus cuirfe tú an dá ċloiċ ar ġuáilliḃ a neṗod mar ċloċuiḃ cuiṁniġe do ċloinn Israel: agus iomċóra Aáron a nanmanna as coinne an TIĠEARNA ar a ḋá ġúaluinn mar ċuiṁne.


Ar son hanma, ná gráin, ná teilg síos caṫaóir do ġlóire: cuiṁniġ, ná bris do ċunnraḋ rinn.


¶ Ṫairis sin cuiṁneoċa mé mo ċunnraḋ riotsa a láeṫiḃ hóige, agus daingneoċa mé cunnraḋ síorruiḋe riot.


Go ndéanaḋ sé trócaire air ar naiṫreaċuiḃ, agus go gcuiṁnéoċaḋ sé a ṫiomna náoṁṫa féin;


¶ Bioḋ a ḟios agad ar a naḋḃarsin gur bé an TIĠEARNA do Ḋia, ís Día ann, Dia firinneaċ, noċ ċoiṁéadas a ċunnraḋ agus a ṫrócaire don droing ġráḋuiġeas é agus ċoiṁlíonus a aiṫeanta, go míle geinealaċ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ