11 Agus daingneoċaiḋ mé mo ċunnraḋ riḃ; agus ní sgriosfuiġear amaċ gaċ uile ḟeóil ní is mó lé huisgiḋiḃ na dileann; agus ní mó ḃias díle ann ni is mó do sgrios na talṁan.
Agus ré gaċ uile ċréutuir béo dá ḃfuil maille riḃ, do néunlaiṫ, do náirnéis, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ atá aguiḃ; ón uile da ndeaċuiḋ amaċ as an áirc, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ.
Agus cuiṁneoċaiḋ mé mo ċunnraḋ, ata éadrum féin agus siḃsi agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeoil; agus ní ṫiocfaiḋ uisgiḋe na dílionn do sgrios gaċ uile ḟéola ni as mo.
Oír atá so mar uisgeaḋuiḃ Noah ḋaṁsa: óir mar do ṁionnuiḋ mé naċ raċaidís uisgeaḋa Noah ní as mó ar an ttalaṁ; marsin do ṁionnuiġ mé naċ béinn feargaċ riotsa, agus naċ maisleoċuinn ṫú.
Aċd neaṁ agus talaṁ, a nois atáid da dtaisge ris an mbréiṫir gcéudna, dá gcoiṁéud fá ċoṁair teineaḋ go lá damnuiġe agus sgriosda na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa.