Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.
Agus do ḃeannuiġeadur Rebeca, agus a duḃradur ría, As tú ar ndeirḃṡiúr, bí ad ṁaṫair ṁílte do ṁillíunuiḃ, agus sealḃuiġidís do ṡíol geatuiḋe an luċda lér fúaṫ íad.
Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;
Beir leaċd amaċ gaċ éinní béo dá ḃfuil agad, don uile ḟeóil, idir éunlaiṫ, agus áirnéis, agus a nuile ni sníġṫeaċ noċ ṡníġios ar an ttalaṁ; ionnus go síolfuid go líonṁar ar an ttalaṁ, agus go raḃaid tórrṫaċ, agus go ndeunaid iomaduġaḋ ar an ttalaṁ.
Agus biaiḋ ḃur neagla agus ḃur núaṁan ar gaċ uile ainṁiḋe ar an ttalaṁ, agus ar gaċ uile éun a naiéir, ar gaċ uile ní da gcorruiḋeann ar an ttalaṁ, agus ar iásg na fairge uile; an ḃur láiṁ tugaḋ íad.