Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 8:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 8:21
50 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sé ré Haḋaṁ, Do ḃriġ go ttug tú éisdeaċd do ġuṫ do ṁná, agus gur iṫ tú don ċrann, ar aiṫin misi ḋíot, dá ráḋ, Ní íosa tú ḋe; atá an talaṁ mallaiġe ar do ṡon; a ndoilġios íosas tú ḋe ar feaḋ uile laéṫe do ḃeaṫa;


A nuáir ṡáoṫroċus tú an talaṁ, ní ṫiuḃra feasda a neart duit; ad ṫeiṫṁeaċ agus ad ḋeóruiġe ḃías tú annsa talaṁ.


Agus do ġoir Naói dainm ḋe, da ráḋ; do ḃéura an tisi meisneaċ ḋúinn a ttáoiḃ ar noibre agus saoṫair ar láṁ, do ḃríġ an talaiṁ do ṁalluiġ an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt Día re Naói, táinic críoċ a nuile ḟeola am ḟiaġnuisi; óir is lán an talaṁ durċóid tríoṫasan; agus, féuċ, sgriosfuiġ mé iad maille ris an ttalaṁ.


Agus feuċ, misi, misi féin, do ḃéirim tuile uisgeaḋ ar an ttalaṁ, do sgrios gaċ uile ḟeóla, ann bfuil anal na beaṫa fáoi neaṁ; agus gaċ a ḃfuil sa talaṁ, do ġeaḃa sé bás.


Agus do ċonnairc Día gur ṁór ċionnta an duine air an ttalaṁ, agus gaċ áon ḃreaṫnuġaḋ dá smuaineaḋ a ċroiḋe gurab olc é a ccoṁnuiġe.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Sgriosfuiḋ me an duine do ċruṫaiḋ me ó aġaiḋ na talṁan; ar áon an duine, agus an beiṫeaċ, agus an ni ṡnáṁus agus éunlaiṫ an aiéir; óir as aiṫreaċ liom a ndéunaṁ.


Cía ḟéadas ní glan do ḃuain as ní neaṁġlan? ní ḟéadann éanduine.


Féuċ, is an eigceart do ċumaḋ mé; agus a gcionntuiḃ do ġaḃ mo ṁaṫair a mbroinn mé.


Do níd na ciontaiġ coiṁṫiġiḋ ḋíoḃ féin ón mbroinn: tiaġaid ar seaċrán ón mbolg, ag laḃairt ḃréug.


Is cosṁuil a niṁ re niṁ naiṫreaċ niṁe: is cosṁuil íad re hadar boġar noċ ḋruidios a ċlúas.


Agus loisgfe tú an reiṫ iomlán ar a naltóir: is ofráil loisge don TIĠEARNA sin: is deaġḃalaḋ é, ofráil déanta le teniḋ don TIĠEARNA.


Agus glacfa tú ó a láṁuiḃ iad, agus loisge tú íad, ar a naltóri mar ofráil loisge, mar ḋeaġḃalaḋ a laṫair an TIĠEARNA is ofráil deanta le teiniḋ i don TIĠEARNA.


Cía ḟéadas a ráḋ, Do rinne mé mo ċroiḋe glan, atáim glan óm ṗeacaḋuiḃ?


Oír ní ḃfuil duine fíréanta air an ttalaṁ do ní maiṫ, agus naċ bpeacuiġionn.


¶ Seas a nois led ḋroiġeaċd, agus le hiomad do ġeasadóireaċt, ann ar ṡáoṫruiġ tú ód óige; mas éidir go mbía ar do ċumas tarḃuġaḋ, má ṫeagṁann go mbéara tú buáiḋ.


Marso ḃéiḋ síad ḋuit an drong le ar ṡáoṫruiġis, do ċeannuiġṫe, ód óige: seaċránfuiḋ gaċ áon díoḃ dá ċeaṫraṁuin féin; ní ḋídeonuiġ áoinneaċ ṫusa.


A seaḋ, ní ċúala tú íad; a seaḋ, ní raiḃ a ḃfios agad; a seaḋ, ó nam naċ raiḃ do ċlúas oscuilte: óir do ḃí a ḟios agamsa go ndéantá go ro ṁeaḃlaċ, agus gur goireaḋ ciontaċ ḋíot ón mbroinn.


Do ċúamar uile aṁuil caóiriḋ ar seaċrán; do ċláonamar gaċ uile ḋuine aguinn air ar sliġe féin; do leag an TIĠEARNA airsion ar ccionta uile.


Féuċ, atá scrioḃṫa as mo ċoinnesi: ni ḃía mé am ṫoċd, aċd cuiteoċa mé, eaḋon cúiteoċa mé é iona mbrollaċ.


¶ Atá an croiḋe cealgaċ ós cionn gaċ uile neiṫe, agus ro urċóideaċ: cía ḟéadas a ḟios do ḃeiṫ áige?


Agus a dúḃradarsan, Ní ḃfuil dóiġ ar biṫ: aċt imeoċam do réir ar ttoile féin, agus do ḋéana gaċ áon do réir ḃreaṫnuiġṫe a droċċroiḋe féin.


Déist misi agus do ċúala mé, aċt níor laḃradarsan go ceart: níor ġaḃ aiṫreaċus áonduine iona olc, ġa ráḋ, Cred do rinne mé? dfill gaċ áonduine da ċúrsa fein, mar sgeinneas an teaċ ċum an ċaṫa.


Géaḃa mé ċugam siḃ maille re ḃur mbolaḋ cuṁra, an tan ḃéaras mé amaċ ón bpobal siḃ, agus ċruinneoċus mé siḃ as na tíorṫaiḃ ionar díosgaóileaḋ siḃ; agus náoṁṫoċṫar misi ionnuiḃ a ḃfíaġnuise na ngeinteaḋ.


Aċd nifiġ sé na hinniġe agus na cosa a nuisce: agus do ḃeára an sagart leis sin uile, agus loiscfiḋ sé ar a naltóir é: is ofráil loiscṫe é, ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Agus scoiltfiḋ sé é go na sciaṫánuiḃ, aċd ní roinnfiḋ ó ċéile é; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é, ar an cconnaḋ atá ar an teiniḋ: is ofráil loiscṫe é, ofrail déanta le teiniḋ, do ḃoluiḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Aċd na hinniġe agus na cosa niġfiḋ sé a nuise: agus loiscfiḋ an sagart an tiomlán ar a naltóir, do ḃeiṫ na ioḋbuirt loiscṫe, ofrail ar na ḋéanaṁ lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Agus do ḋéana mé ḃur gcaiṫ reaċa na ḃfásáċ, agus do ḃéura mé ḃur sanctóra ċum uáíguis, agus ní ḃoiltneaċa me bolaḋ ḃur mboltanuis ndeaġḃoluiḋ.


Agus bainfiḋ sé amaċ an méaṫus uile, aṁuil mar ḃeantar amaċ méaṫus ó ioḋbairt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA; agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋó é.


Agus do ġlac Maóise as a laṁuiḃ íad, agus do loisc, ar a naltoir íad ar a nofráil loiscṫe: do ḃádar na gcois ricṫiḃ do ḃalaḋ ċuṁra: is ofráil sin déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.


Agus do ḋéantáoi ofráil le teiniḋ don TIĠEARNA, ofráil loiscṫe, nó ioḋbuirt a gcoiṁlionaḋ móide, nó a nofráil ṫoileaṁuil nó ann ḃur ḃféastuiḃ sollamanta, do ḋéanaṁ deaġḃólaiḋ don TTIĠEARNA, do nealḃḋa, nó don tréud:


Oír as an gcroiḋe ṫigid na droċsmuaintiġṫe, dúnmarḃaḋ, aḋaltrannas, stríopaċas, gaduiḋeaċd fíaġnuisiġe bréige, blaisṗemiġe:


An ní atá ar na ġeineaṁuin on ḃfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na ġeineaṁuin on Spiorid is spiorad é.


Do ḃríġ, ar naiṫniuġaḋ Dé ḋoiḃ, naċ rugadar buiḋeaċus ris; aċd gur líonadar do ḋioṁáoineas ann a smuáintiġiḃ, agus gur dallaḋ a gcroiḋe neaṁṫuigsionaċ.


Oir do ṗeacaiġ a nuile ḋuine, agus atáid a négṁuis ġlóire Dé;


Oír is sinn deaġḃalaḋ Ċríosd do Ḋía, sa druing ṡlánuiġṫear, agus sa druing ḋamnuiġṫear:


Agus siúḃluiḋ a ngráḋ, aṁuil do ġráḋuiġ Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na ioḋbairt ḋeaġḃaluiḋ do Ḋía.


Fuáir mé a nois na huile neiṫe, agus atá mo ṫeannṡáiṫ agum: do líonaḋ mé, ar nglacaḋ ḋaṁ ó Epaṗrodítus na neiṫe ṫáinic uáiḃse, an balaḋ ḋeaġḃaluiḋ, an níoḋbairt ṫaitneaṁaċ, ar a ḃfuil gean ag Día.


Atá a ḟios aguinn gur ab ó Ḋía atámuid, agus go ḃfuil an sáoġal uile na luiḋe sa nolc.


Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, éisdeaḋ mo ṫiġearna an ríġ briáṫra a ṡearḃḟoġantuiġ. Mas é an TIĠEARNA do ċorruiġ súas am aġaiḋsi ṫú, glacaḋ sé ofráil ċuige: aċd mas íad clanna na ndáoine, go maḋ malluiġ íad a laṫair an TIĠEARNA; oir do ḋíbreadar misi amaċ aniuġ ó ḟanṁuin a noiġreaċd an TIĠEARNA, ġá ráḋ, Eiriġ, aḋair deé oile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ