Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 8:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus do rinne Naóṫ altóir don TIĠEARNA; agus do ġlac da gaċ éinḃeaṫaċ glan, agus dá gaċ uile éun glan, agus díoḋbuir ofráil loisge ar a naltóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 8:20
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin do aṫruiġ Abram a ṗáilliún, agus táinic agus do ċóṁnuiġ á reiteaċ Ṁamre, noċ atá ann Ebron, agus do ċuir súas annsin altóir don TIĠEARNA.


Go háit na haltóra, do rinne sé ann sin ar ttús: agus do ġoir Abram ann sin ar ainm an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt seision, Glac annois do ṁac háonṁac aṁáin, Isaac, ar a ḃfuil gráḋ agad, agus eiriġ go criċ Ṁóriah; agus Ioḋbuir ann sin é mar offráil loisge air áon do na sléiḃtiḃ inneósus misi ḋuit.


Agus tangadar gus a náit do innis Día ḋósan; agus do rinne Abraham altóir ann sin, agus do ċuir an connaḋ go deas, agus do ċeangail a ṁac Isaac, agus do leag ar a naltóir é ar úaċdar an ċonnuiġ.


Agus do ċuir altóir súas ann sin, agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA, agus do ṡuiġiḋ a ṗubuil ann sin: agus do ṫoċladar seirḃísiġ Isaac tobar ann sin.


Agus do ċuir altoir súas annsin, agus do ġoir sé ḋi El-elohe-Israel.


Agus a duḃairt Día ré Iácob, Eiriġ, imṫiġ súas go Bétel agus coṁnuiġ ann sin: agus déun altóir ann do Ḋía noċ do ḟoillsiġ é féin duit a nuáir do ṫeiṫ tú ó laṫair do ḋearḃraṫar Esau.


Agus do rinne altóir ann, agus do ġoir El-Bétel do náit: do ċionn gurob ann do ṫaisbéin Día é féin dó, a nuair do ṫeiṫ sé ó laṫair a ḋearḃraṫar.


Agus go tugg Abel, mar an ccéudna do ċéidġiniḃ a ṫréuda agus da ṡault; agus do ḃí meas ag an TTIĠEARNA ar Abel agus ar ofráil.


Da gaċ uile ḃeaṫaċ ġlan béuruiḋ tú leaċd na seaċduiḃ, fearḋa agus bannda: agus do na beaṫaiḋiḃ naċ ḃfuil glan na ccúpluiḃ, fearḋa agus bannda.


Déunlaiṫ mar an cceudna an aiéir na seaċduiḃ, fearḋa agus bannda; do ċongṁáil síl beó ar aġaiḋ na talṁan uile.


A nuile ḃeaṫaċ, a nuile ní ṡníġeas, agus a nuile éun, agus gaċ ni ṡniġeas ar an ttalaṁ, do réir a gcinéil, do ċúadar amaċ as a náirc.


Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do ṫíaġaḋ láeṫe a bfleiḋe timċioll, go ccuireaḋ Iób fios orra agus go náoṁuiġeaḋ sé íad, agus go néirġeaḋ sé sa ṁoċ na maidne, agus go nofrálaḋ sé iodḃarṫa loisge do réir a nuiḃre uile: óir a deireaḋ Iób, Do bféidir gur ṗeacniġeádar mo ṁic, agus gur ṁalluiġeadar Día iona gcroiḋṫiḃ. Marso do níoḋ Iób go gnáṫaċ.


Agus a duḃairt Máoise, Caiṫfe tú mar an gceádna ioḋbuirt agus ofráil loisge do ṫaḃairt dúinn, lé ndéanam ioḋbuirt don TIĠEARNA ar Ndía.


Agus loisgfe tú an reiṫ iomlán ar a naltóir: is ofráil loisge don TIĠEARNA sin: is deaġḃalaḋ é, ofráil déanta le teniḋ don TIĠEARNA.


Agus glacfa tú ó a láṁuiḃ iad, agus loisge tú íad, ar a naltóri mar ofráil loisge, mar ḋeaġḃalaḋ a laṫair an TIĠEARNA is ofráil deanta le teiniḋ i don TIĠEARNA.


Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, éan úan don ċéad ḃliaḋuin, mar íoḋbuirt loiscṫe:


Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta.


Atá altóir aguinne, dá naċ ḃfuil a gcúṁaċdaiḃ na druing do ní seirḃis don tabearnácail ní íṫe.


Agus bíġiḋse mar ḃéoċloċaiḃ, tógṫa súas ḃur dtiġ spioradálta, ḃur sagartaċd náoṁṫa, ċum íoḋbarṫaḋ spioradálta dforáil, ar a mbiáiḋ gean ag Día tré Iósa Críosd.


Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ