Agus táinig an colum ċuige tráṫ nóna a steaċ; agus, féaċ, do ḃí ann a gob duilleog ċroinn ola noċ do ṫarruing sí; as ar aiṫin Naói gur ṫraóṫadar na huisgiḋe ó ḋruim na talṁan.
Agus a déarṫar annsa lósin, Féuċ sé so ar Ndía; do ḟeiṫeamar air, agus sláineoċa sé sinn: sé so an TIĠEARNA; do ḟeiṫeamair air, agus bíam lúaṫġaireaċ agus gáirdeoċum iona ṡlánuġaḋ.
¶ Giḋeaḋ fuirḟeiṫṁiġ an TIĠEARNA, ré ḃeiṫ grásaṁuil daóiḃ, agus áirdeoċṫar uimesin é, ċor go ndéana sé trócaire oruiḃ: óir is Día breiṫeaṁnuis an TIĠEARNA: is beannuiġ an ṁéid ḟuirḟeiṫfios air.
O siḃsi áitreaḃus ann Móab, fágḃuiḋ na caiṫreaċa, agus coṁnuiġiḋ annsna cairgiḃ, agus bíṫí cosṁuil ris an ccolum do ni a nead a leaṫ taóiḃ ḃéil an tuill.
Oír atá a nfis fós ċum uáire cinte, aċt fa ḋeóiġ laiḃeoruiḋ sí, agus ní ḋéana sí bréag: má atá go maḋ mall í, feiṫ uirre; do ḃríġ go ttiucfa sí go deiṁin, ní anfa sí.