11 Agus táinig an colum ċuige tráṫ nóna a steaċ; agus, féaċ, do ḃí ann a gob duilleog ċroinn ola noċ do ṫarruing sí; as ar aiṫin Naói gur ṫraóṫadar na huisgiḋe ó ḋruim na talṁan.
Agus go ḃfoillseoċaidís agus go ḃfuáigeoradís iona ccaiṫreaċaiḃ éile, agus ann Ierusalem, ḋa ráḋ, Eirġiḋe amaċ fán tslíaḃ, agus tugaiḋ liḃ cráoḃa do ċrann ola, agus géaga pínċroinn, agus cráoḃa mirtil, agus cráoḃa pailme, agus beangáin do ċrannuiḃ tiuġa, dó ḋéanaṁ boṫa, mar atá scríoḃṫa.
Agus cionus do ḋéanuid siad seanmóir, muna ċuirtear ċuige íad? Mar atá sgríoḃṫa, O créd é bréaġaċd ċos na muinntire ṡoisgéulas an tsioṫċain, ṡoisgéulas neiṫe maiṫe!