Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 8:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ċuiṁniġ Día air Naói, agus gaċ áonní beó, agus a uile áirnéis do ḃí na ḟoċair sa náirc: agus do rinne Día gáoṫ do ḋul ṫar án talaṁ, agus do ṫraoṫadar na huisgiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 8:1
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a núair do sgrios Día caiṫreaċa an réitiġ, gur ċuiṁniġ Día air Abraham, agus gur ċuir sé Lot amaċ as lár a náir, a nuáir do sgrios sé na caiṫreaċa ann a raiḃ Lot na ċóṁnuiḋe.


Agus do ċuiṁniġ Día air Ráċel, agus do éisd Día ría, agus do oscuil a brú.


Agus ré gaċ uile ċréutuir béo dá ḃfuil maille riḃ, do néunlaiṫ, do náirnéis, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ atá aguiḃ; ón uile da ndeaċuiḋ amaċ as an áirc, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ.


Cuiṁniġ misi, ó mo Ḋía, dá ṫáoḃ so, agus ná scrios amaċ mo ḋeiġġníoṁarṫa do rinne mé ar son ṫiġe mo Ḋé, agus ar son a oifigeaċ sin.


Agus daiṫin mé do na Leḃítiḃ, íad féin do ġlanaḋ, agus teaċt agus na geataḋa do ċoiṁéad, do náoṁaḋ na sábbóide. Cuiṁniġ orumsa, ó mo Ḋía, uime so mar án ccéadna, coigil mé do réir ṁéad do ṫrócaire.


Cuiṁniġ orra, ó mo Ḋía, do ḃríġ gur ṫruáilliġeadar an tsagartaċd, agus cunnraḋ na sagartaċda, agus na Leḃíteaċ.


Agus ċum na hofrála connaiḋ, ar na huáiriḃ cinte, agus ċum na bprímidleaċ. Cuiṁniġ orum, ó mo Ḋía, ċum maiṫiosa.


Féuċ, congṁaiḋ se na huisgeaḋa, agus tiormuiġiḋ súas, agus cuiriḋ sé amaċ mar an ccéadna íad, agus iompoiġid síad an talaṁ bun ós cionn.


Uċ, naċ ḃfolċann tusa misi ansa nuáiġ, naċ congṁann tú a núaignios mé, go ndeaċuiḋ ṫfearg ṫorum, naċ cuirionn tú aimsir ċinnte síos daṁ, agus mo ċuiṁniuġaḋ!


Oír do ċuiṁniġ sé bríaṫar a náoṁṫaċda, do Abraham a ṡeirḃíseaċ.


Cuiṁniġ orumsa, a ṪIĠEARNA, re faḃar do ḋaoine: fiosruiġ mé red ṡlánuġaḋ;


An TIĠEARNA noċ do ċuiṁniḋ sinn beinneoċuiḋ se sinn; beinneoċuiḋ sé tiġ Israel; beinneoċuiḋ sé tiġ Aaron.


Cuiṁniġ, a ṪIĠEARNA, Dáiḃi agus a nuile ḃúaiḋreaḋ:


Noċ do ċuiṁniġ oruinn ionar staid uirísil: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe:


Cuíṁniġ, a ṪIĠEARNA, clann Edom a ló Ierusalem; noċ a duḃairt, Toċlaiḋ, toċlaiḋ í, go nuige a híoċdar.


Suiġiḋ an TIĠEARNA ós cionn na tuile: agus suiġiḋ an TIĠEARNA na Ríġ go bráṫ.


Is cosṁuil ṫfíréantaċd re sléiḃtiḃ ro arda; do ḃreiṫeaṁnuis is cosṁuil ris an nduḃaigéan: ó a ṪIĠEARNA, cuṁduiġ tú an duine agus an tainṁiḋe.


Agus do ṡin Maóise a láṁ amaċ ós cionn na fairge; agus tug an TIĠEARNA ar an ḃfairge dul (ar a hais) lé gáoiṫ láidir a noir, ar feaḋ na hoiḋċe sin agus do rinne a nfairge na talaṁ ṫirim agus do roinneaḋ na huisgiḋe.


Do ṡeíd tú lé do ġaóiṫ, do ḟoluiġ a nfairge íad: Do ċúadar faói aṁuil luáiġe ann sna huisgiḋiḃ laidre.


Agus do ċúaluiḋ Día a nusnaḋa, agus do ċuiṁniġ Día a ċunnraḋ re Habráham, re Hísaac, agus ré Iácob.


Cuiriḋ an ġáoṫ ṫúaiġ a nfearṫuinn ar ccúl: marsin do ní an ġnúis ḟeargaċ an teanga iṫiomráiḋteaċ.


Noċ a deir ris a naigéan, Bí tirim, agus tiormoċa mé súas do ṡroṫa.


Agus atá tiormaċ air a huisgeaḋuiḃ; agus tiormoċṫar súas íad: óir isí tír na níoṁáiġeaċ ngreanta í, agus a táid ar buile ar a nioḋaluiḃ.


Do ṁionnuiġ an TIĠEARNA tres oirḋearcus Iácob, Go deiṁin ní ḋearmoda mé go bráṫ áoinni dá noibreaċaiḃ.


Agus cred naċ ccoigeoluinnsi Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, iona ḃfuil ní sa ṁó ná sé fiṫċid míle pearsa naċ eidírḋealuiġionn eider a láiṁ ḋeis agus a láiṁ ċlé; agus fós iomad áirnéise?


Imḋeargaiḋ sé a nfairge, agus do ní tirim í, agus tiormuiġiḋ sé súas na sroṫa uile: anḃfainniġ Básan, agus Carmel, agus críonuiḋ bláṫ Lebanon.


O a ṪIĠEARNA, do ċúala mé do ġlór, agus do ḃí eagla orum: a ṪIĠEARNA, aiṫḃeoḋuiġ hobair a meaḋón na mblíaḋan, foillsiġ a lár na mblíaḋan; a ḃfeirg cuiṁniġ trócaire.


Agus raċa sé ṫríd an ḃfairge le haindeisi, agus búailfiḋ sé na tonna ann sa ḃfairge, agus tiormoċuid uile aigéin na sroṫann súas: agus béarṫar úaḃar na Hassíria síos, agus raċaiḋ an tslat ríoġa ó Négipt.


Agus má ṫéid siḃ a ccogaḋ ann ḃur ndúṫaiġ a naġaiḋ na náṁad noċ ḃuaiḋrios siḃ, annsin buailfíḋe furḟograḋ leis na trumpaḋuiḃ; agus cuiṁneoċṫar siḃ a laṫair an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus sáorfúiġear siḃ ó ḃur náṁuid.


Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ris, Cred fár ḃuáil tú hassal na trí huáiresi? féuċ, do ċuáiḋ misi amaċ dód ṫoirmiosc, do ċionn go ḃfuil do ṡliġe go crosanta am laṫair:


Agus do rannaḋ an ċaṫair ṁór a dtrí cotannuiḃ, agus do ṫuiteadar caiṫreaċa na gcineaḋaċ: agus ṫáinic an Ḃabilóin ṁór a gcuiṁne a laṫair Dé, ionnus go dtiuḃraḋ sé cupán dfíon ċaṫuiġ a ḟeirge ḋi.


Oír do leanadar a peacṫuiġ a ċeile go neaṁ, agus do ċoiṁniġ Día air a droċḃeartuiḃ.


¶ Agus do éirġeadar súas ar maidin go moċ, agus do aḋradar a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḟilleadar, agus tangadar ḋá ttiġ go Rámah: agus do ḃí Elcanah ag a ṁnaoi Hannah; agus do ċuiṁniġ an TIĠEARNA uirre.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ