Agus as a ttalaṁ do ċum an TIĠEARNA Día a nuile ḃeiṫeaċ an ṁaċaire, agus gaċ uile éun an aéir; agus tug leis ċum Aḋaiṁ íad dá ḟéuċuin cread do ġoirfeaḋ sé ḋíoḃ; agus giḋ bé do ġoir Aḋaṁ don uile ċréatúir beó, a sé sin dob ainm ḋó.
Iosuiḋ an mactíre agus an túan a ḃfoċair a ċéile, agus íosuiḋ an leoṁan tuiġe mar an ndaṁ: agus buḋ lúaiṫreaḋ beaṫa na naiṫreaċ niṁe. Ní ġoirteoċuid agus ní ṁuirfid ann mo ṡlíaḃ náoṁṫasa uile, a deir an TIĠEARNA.
Aseaḋ, bí fios a haimsire cinte ag an ccorr‐ġláis ann sa naiéir; agus coṁarṫuiġ an turtuír agus an ċórrṁónaḋ agus a náinleóg am a tteaċta féin: aċt ní ḟeidir mo ḋaóinesi breíṫeaṁnus an TIĠEARNA.
Mar naċ ḃfuil Gréugaċ agus Iúduiġe, timċillġearraḋ agus neaṁṫimċillġearraḋ, duine barbarṫa, agus Scitían, dáor agus sáor: aċd Críosd na uile agus ann sna huiliḃ.