Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 7:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus do éug gaċ uile ḟeóil dár ċorruiġ ar an ttalaṁ, idir éunuiḃ agus áirnéis agus ainṁiṫiḋ agus gaċ áonni snaṁeaċ a ṡnáṁus ar an ttaluṁ, agus gaċ uile ḋuine:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 7:21
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rinne Día ainṁiḋe na talṁan do réir a gcinéil, agus áirnéis do réir a ccineil, agus gaċ ní ṡnáṁus air an ttalaṁ, do réir a ċinéil; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin.


Agus a duḃairt Día re Naói, táinic críoċ a nuile ḟeola am ḟiaġnuisi; óir is lán an talaṁ durċóid tríoṫasan; agus, féuċ, sgriosfuiġ mé iad maille ris an ttalaṁ.


Agus feuċ, misi, misi féin, do ḃéirim tuile uisgeaḋ ar an ttalaṁ, do sgrios gaċ uile ḟeóla, ann bfuil anal na beaṫa fáoi neaṁ; agus gaċ a ḃfuil sa talaṁ, do ġeaḃa sé bás.


Oír seaċd lá fos, agus do ḃéura misi fá deara air, fearṫuinn do ḋéunaḋ ar an ttalaṁ ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe; agus gaċ uile ṡubstaint beó da ndearna mé, sgriosfuiḋ mé daġaiḋ na talṁan iad.


Díoġḃáiġfiḋ sé a nuile ḟeóil le ċéile, agus fillfiḋ an duine a rís ċum lúaiṫriġ.


Do briseaḋ síos an talaṁ ṫríd amaċ, do cuireaḋ an talaṁ ó ċéile go hiomlán, do corruiġeaḋ an talaṁ go haḋḃul.


Uimesin do ṡluig malluġaḋ an talaṁ, agus an luċd áitreaḃus ann atáid dúḃaċ: uimesin do loisgeaḋ dúṫċusaiġ na talṁan, agus is beag do ḋaoimḃ do fágḃaḋ ḋíoḃ.


Uimesin caóiḋiḋ an dúṫaiġ, agus anḃfainfiġ gaċ uile ḋuine dá ccoṁnuiġionn inte, maille re beaṫaċaiḃ an ṁaġa, agus éanlaiṫ neiṁe; fós, béarṫar as mar an ccéadna uile éisc na fairge.


Sluigiḋ teine rompa; agus na ndiáiġ loisgiḋ lasair: atá an tír aṁuil gáirdin Eden rompa, agus na fásaċ uaigneaċ na ndiaiġ; aseaḋ, ní reaċa aoinni as uáṫa.


Díoġḃáiġfiḋ mé an duine agus an beaṫaċ, scriosfa mé éanlaiṫ a naiéir, agus eisc na fairge, agus na cip ṫuisliġ maille ris na ciontaċaiḃ; agus geárrfa mé amaċ an duine ón ttalaṁ, a deir an TIĠEARNA.


Agus ni raiḃ a ḟios aca nó go dtáiníc an díle, agus gur ṫógaiḃ sé lé íad uile; is mar sin ḃías teaċd Ṁic an duine.


Do ḃádar ag iṫe, ag iḃe, ag posaḋ, agus ag taḃairt ċum posda, gus an lá ann a ndeaċaiḋ Náoi do náirc, agus táinic an dile, agus do sgris sí iád uile.


Oír atá an creatúir fá ṁursántaċd an dioṁaóimis, ní ḋá ṫoil féin, aċd ar son an té dó ċuir fá ṁursántaċd é,


Oír atá a ḟios aguinn go ḃfuil a nuile ċreatúir ag osnaiġe agus a bpéin mar ṁnaói ré cloinn má ráon rinne gus a nuáirse.


Agus monar ċoigil sé an seandoṁan, aċd gur ṡáor sé Náoi an toċdṁaḋ pearsa, seanmóntuiġe na fíréuntaċda, ar dtaḃairt na díleann dó ar a ndoṁan na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ