Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.
Agus do ḃeannuiġ sé Ióseṗ, agus a duḃairt, Día, ós cuinne ar ṡioḃail mo aiṫreaċa Abraham agus Isaac, an Día do ḃeaṫuiġ mé ar feáḋ mo ṡaoġuil gus a niuġ.
Agus a duḃairt Solaṁ, Do ṫaisbéin tú dot ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi maṫair trócaire ṁór, do réir mar do ṡiuḃail sé ad ḟiaḋnuise a ḃfírinne, agus a ndioġruis, agus a ḃfíreantaċd croiḋe maille riotsa; agus do ċoiṁéud tú ḋó an cinéul mórso, go ttug tú ḋó mac do ṡuiḋe iona ċaṫaoir ríoġa, mar atá a niuġ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Sátan, Ar ṁeas tú mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób, naċ ḃfuil áon cosṁuil ris air an ttalaṁ, duine iomlán díreaċ, aon ar a ḃfuil eagla Dé, agus ṡeaċnas olc?
Bíoḋ go mbeiṫ Noah, Daniel, agus Iób, annsin, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ṡaorfuid síad mac nó inġean; ní ṡáorfuid síad aċt a nanmanna féin le ná ḃfíréantaċt.
Agus, féuċ, do ḃí duine a Níarusaléim, dár ḃainm Símeon; agus do ḃí an fearso coṁṫrom diaḋa, agus a ṡúil ré coṁḟurtaċd Israel: agus do ḃí an Spíorad Náoṁ ann,
Agus a duḃradarsan, Cornélius an caiptín, duine coṁṫrom, air a ḃfuil eagla Dé, agus fear deaġṫeasda ag an gcineaḋ Iúdaiġe uile, fuáir sé fógra ó Ḋía tré aingeal náoṁṫa fios do ċur ortsa dá ṫiġ féin, agus éisdeaċd ré briaṫra úaitse.
As tré ċreideaṁ, ar ḃfaġáil fógarṫa ó Ḋía do Naói a dtimċioll na neiṫeann naċ raiḃ fós ré na ḃfaicsin, ar ngaḃáil ḟaitċis do, dullṁuiġ sé a náirc do ṡáḃáil a ṫiġe féin; tré ḋamnuiġ sé an doṁan, agus do rinneaḋ óiġre na fíréuntaċda atá tré ċreidiṁ ḋé.
Agus bíġiḋse mar ḃéoċloċaiḃ, tógṫa súas ḃur dtiġ spioradálta, ḃur sagartaċd náoṁṫa, ċum íoḋbarṫaḋ spioradálta dforáil, ar a mbiáiḋ gean ag Día tré Iósa Críosd.
Agus monar ċoigil sé an seandoṁan, aċd gur ṡáor sé Náoi an toċdṁaḋ pearsa, seanmóntuiġe na fíréuntaċda, ar dtaḃairt na díleann dó ar a ndoṁan na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa;