Féuċ annois, fuair do ṡearḃfoġantuiġ grása ad raḋarc, agus do méuduiġ tú do ṫrócaire noċ do ṫaisbéin tú ḋaṁsa ag cuṁdaċ ṁanma: agus ní ḟéuduim teiṫeaṁ fan tslíaḃ, deagla uilc éigin do ḃuain daṁ, agus go ḃfuiġinn bás:
Is marso a deir an TIĠEARNA, Fúaradar na daóine do ċuáiḋ as ón ccloiḋeaṁ grása annsa ḃfásaċ; a nuáir do ċuáiḋ misi do ṫaḃairt air Israel ḃeiṫ súaiṁneaċ,
Agus más tré ġrás, ní ó oibriġṫiḃ atá sé feasda: nó ní grás an grás uáiḋ sin amaċ. Aċd más ó oibriġṫiḃ, ní grás é as sin súas: nó ní hobair a nobair feasda.
Aċd tré ġrás Dé atáim mar atáim: agus ní raiḃ a ġrásasan do tioḋlaiceaḋ ḋaṁ gan ḃríġ; óir is mó an saoṫar do rinne mé ná iadsan uile: bioḋ naċ misi fós, aċd grás Dé maile riom.
Noċ do ḃí easúmal a nallód, an tan do ḟan foiġid ḟada Dé a láeṫiḃ Náoi, an feaḋ do ḃí a náire ḋá hullṁúġaḋ, ionnar cáoṁnaḋ beagán, eaḋon, oċd bpearsanna tré uisge.
Agus monar ċoigil sé an seandoṁan, aċd gur ṡáor sé Náoi an toċdṁaḋ pearsa, seanmóntuiġe na fíréuntaċda, ar dtaḃairt na díleann dó ar a ndoṁan na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa;