Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Sgriosfuiḋ me an duine do ċruṫaiḋ me ó aġaiḋ na talṁan; ar áon an duine, agus an beiṫeaċ, agus an ni ṡnáṁus agus éunlaiṫ an aiéir; óir as aiṫreaċ liom a ndéunaṁ.
Agus an tan do ṡín an taingeal a láṁ amaċ ar Ierusalem dá hargoin, do ġaḃ aíṫreaċus an TIĠEARNA fá nolc, agus a duḃairt ris a naingeal do ṁarḃ na daóine, Is lór sin: connuiṁ anois ar do láiṁ. Agus do ḃí aingeal an TIĠEARNA ag ionad buáilte Araunah an Iebusiteaċ.
Agus do ċuir Día aingeal go Hierusalem da sgrios: agus mar ḃí sé agá lérscrios, do ċonnairc an TIĠEARNA, agus dob aiṫreaċ leis an tolc, agus a duḃairt ris an aingeal do ḃí ag milleaḋ, Is lór sin, connuiṁ a nois do láṁ. Agus do ṡeas aingeal an TIĠEARNA ag urlár ḃúailte Ornan an Iebusíteaċ.
Ar ċuir Heseciah ríġ Iúdah agus Iúdah uile ċum báis ar aonċor é? naċ raiḃ eagla an TIĠEARNA air, agus naċ ar íarr sé an TIĠEARNA, agus naċ ar ḃaiṫreaċ leis an TTIĠEARNA an tolc dfúagair sé na naġuiḋ? Marso do ḋéanamaoisne olc mór a naġaiḋ ar nanmann.
Abair ríu, Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ḃfuil sólas ar biṫ agamsa a mbás an ċiontuiġ; aċt go ḃfilleaḋ an ciontaċ ó na ṡliġe agus go mairiḋ sé: filliḋse, filliḋse ó ḃur ndroiċṡliġṫiḃ; óir cred as a néugfaḋ siḃ, a ṫiġ Israel?
¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.
Agus réabuiḋ ḃur ccroiḋṫe, agus narab íad ḃur néuduiġe, agus filliḋ ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía: óir atá sé grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċíneul, agus atá aiṫreaċus air um a nolc.
¶ Agus do ċonnaire Día a noibreaċa, gur impoiġeadar ó na ndroiċ ṡliġe; agus do ġaḃ aiṫreaċus Día fan nolc, a duḃairt sé do ḋéanaḋ ḋóiḃ; agus ní déarnuiġ sé é.
Ní duine Día, as á ndéanaḋ bréag; ní mó is mac duine é, as a ndéanaḋ sé aiṫreaċus: a nduḃairt sé, agus naċ béara ċum críċe é? no ar laḃair se, agus naċ bfedir a ċoiṁlionaḋ?
Oír do déana an TIĠEARNA breiṫeaṁnus air a ṗobal, agus géaḃuiḋ aiṫreaċus é fa na ṡeirḃíseaċuiḃ, a núair do ċifiḋ gur imṫiġ a neart, agus naċ ḃfuil éanduine fa íaġaḋ, no ar marṫuinn ḋíoḃ.
O gan a leiṫéid sin do ċroiḋe ionnta, go mbía meaglasa orra, agus go gcoiṁéadaidís maiṫeanta a ccoṁnuiḋe, ċor go mbiáiḋ sé go maiṫ aca, agus agá ccloinn go bráṫ.
As aiṫreaċ liom go ndearna mé ríġ do Ṡuail: óir do iompoiġ sé ó misi leanṁuin, agus níor ċoiṁlíon maiṫeanta. Agus do ġoill sin ar Ṡamuel; agus do eíġ ar an TTIĠEARNA feaḋ na hoiḋċe.
Agus ní ṫáinic Samuel nísa ṁó dféaċuin Ṡauil go ló a ḃáis: giḋeaḋ do ċaóin Samúel Sául: agus dob aiṫreaċ leis an TTIĠEARNA mar do rinne sé ríġ do Ṡaul ós cionn Israel.