Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.
Is olc so a measg na huile neiṫe dá ndéantar faói an ngréin, go ḃfuil aóinċinneaṁuin aca uile: atá fós, croiḋe ċloinne na ndaóine lán dolc, agus do ḃuile iona ccroiḋe an fad ṁairfid síad, agus na ḋiáiġsin tíaġaid ċum na marḃ.
Annsin a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, an ḃfaca tú cred do níd sinnsir ṫiġe Israel annsa dorċadus, gaċ uile ḋuine a seómra a íoṁáiġeaḋ féin? oir a deiríd síad, Ní ḟaicionn an TIĠEARNA sinn; do ṫréig an TIĠEARNA an talaṁ.
Agus go ttiucfaiḋ a ccríċ, a nuáir ċluinfios bríaṫra na mallaċdasa, go mbenneoċuiḋ é féin iona ċroiḋe, ġá ráḋ, Biáiḋ siṫ agum, giḋ go siuḃoluíġ mé a neasarrumaċd mo ċroiḋe féin, ag cur meisge a gcionn an tarta:
Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.
Noċ do ḃí easúmal a nallód, an tan do ḟan foiġid ḟada Dé a láeṫiḃ Náoi, an feaḋ do ḃí a náire ḋá hullṁúġaḋ, ionnar cáoṁnaḋ beagán, eaḋon, oċd bpearsanna tré uisge.