Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 6:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Mar so do rinne Naói: do réir a nuile ní do aiṫin Día ḋe, is aṁlaiḋ sin do rinne sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 6:22
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlac Abraham a ṁac Ismael, agus gaċ a rugaḋ ann a ṫiġ, agus gaċ ar ceannċaḋ ar a ċuid airgid, gaċ uile ḟirionnaċ a measg ḋáoine ṫiġe Abraham; agus do ṫimċillġearr feóil a réuṁċroicinn annsa ló sin féin, mar a duḃairt Día ris.


Agus a ndeaċaiḋ a steaċ, do ċuadar a steaċ fearḋa agus bannda dá ġaċ uile ḟeóil, mar do aiṫin Día ḋe; agus do ḋruid an TIĠEARNA air a stiġ.


Agus do rinne Naói do réir mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋe uile.


Do ċuaiḋ a steaċ a dó agus a dó ċum Naói ann sa náirc, fearḋa agus bannda, mar do aiṫin Día do Naói.


Is murso do rinne Maóise: do réir an uile ní do aiṫin an TIĠEARNA ḋe, is mar sin dó rinne sé.


Agus do leaṫnuiġ amaċ an lóistín ós cionn an tabernacuil, agus do ċuir folaċ an lóistin timċioll air, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Agus ṫug se an áirc ċum an tabernacuíl, agus do ċuir súas cuṁdaċ an ḟoluiġ, agus do ḟoluíġ áirc na fiaḋnuisi, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Agus do ċuir sé an tarán a norduġaḋ air a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóíse.


Agus do las na lampuiḋe a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Agus do loisc sé túis deaġḃoluiġ uirre; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


A nuair do ṫéiġdis go lóistín an ċoṁċruinniġ, agus a nuair ṫigdís a ḃfogus do naltóir, do ionnlaidis; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóisi.


Agus do rinne Maóisi, agus Aáron mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋíoḃ, is mar sin do rinneadar.


Agus do eíriġ seisean, agus do ġaḃ sé an leanaḃ agus a ṁaṫair ċuige, agus tainic sé go talaṁ Israél.


Is siḃsi mo ċáirdesi ma níṫí gaċ ní dá náiṫniġim ḋiḃ.


A duḃairt a ṁáṫair ris an luċd frioṫóilṁe, Giḋ bé ní déara sé riḃ, déunaiġ é.


Giḋ bé ar biṫ ní aiṫéonus misi ḋaoiḃ, coiṁéaduiġ a ḋéanaṁ, ni ċuirfe tú éinní na ċionn, agus ní mó ḃeanfas tú ḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ