21 Agus glac ċugad da gaċ uile ḃiaḋ iṫear, agus cruinneoċaḋ tú ċugad é, agus bíaiḋ na ḃiaḋ ḋuitsi, agus dóiḃsion.
Cía ġléusus a ḃeaṫa do nfíaċ? a nuáir sgréuċuid a eóin óga ar Ḋía, téid síad ar seaċrán do ċion bíḋ.
Go deiṁin do ḃeirid na sleiḃte beaṫa ḋó, mar a ndéunuid uile ḃeaṫuiġ an maċaire súgraḋ.
Do ḃeir sé arán do nuile ḟeóil: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.
Fosclaiḋ tú do láṁ, agus sásuiġ tú mían a nuile neiṫe béo.
Do ḃeir sé do nainṁiḋe a ḃíaḋ, agus do na fíaċoiḃ óga noċ ġáirios.
Bíoḋ a sliġe na ḋorċadus agus ro ṡleaṁuin: agus aingeal an TIĠEARNA da ngérleanṁuin.
Féaċaiġ ar éunlaiṫ a naiéir: oír ni ċuirid siól, agus ní ḃeanuid siád, agus ní ċruinniġid síad ann an sgíobólaiḃ; giḋeaḋ beaṫaiġiḋ ḃur Naṫair neaṁḋasa iád. A né naċ fear siḃsi go mór na iádsan?