Iad fein, agus gaċ uile ainṁiḋe do réir a ċinéil, agus a nuile áirnéis do réir a ccineíl, agus gaċ ní snaṁeaċ do ṡnáṁus ar an ttalaṁ do réir a ccinéil, agus gaċ uile eunlaiṫ da gaċ éun tsórt.
Beir leaċd amaċ gaċ éinní béo dá ḃfuil agad, don uile ḟeóil, idir éunlaiṫ, agus áirnéis, agus a nuile ni sníġṫeaċ noċ ṡníġios ar an ttalaṁ; ionnus go síolfuid go líonṁar ar an ttalaṁ, agus go raḃaid tórrṫaċ, agus go ndeunaid iomaduġaḋ ar an ttalaṁ.