17 Agus feuċ, misi, misi féin, do ḃéirim tuile uisgeaḋ ar an ttalaṁ, do sgrios gaċ uile ḟeóla, ann bfuil anal na beaṫa fáoi neaṁ; agus gaċ a ḃfuil sa talaṁ, do ġeaḃa sé bás.
Agus a duḃairt Día re Naói, táinic críoċ a nuile ḟeola am ḟiaġnuisi; óir is lán an talaṁ durċóid tríoṫasan; agus, féuċ, sgriosfuiġ mé iad maille ris an ttalaṁ.
Do ḋéuna tú fuinneóg do náirc, agus críoċnoċaiḋ tú í a ccuḃad ṡúas; agus cuirfiḋ tú dorus na hairce ar a taoḃ; maille ré hísliuġaḋ, an dara, agus an treas lota, do ḋéuna tú í.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Sgriosfuiḋ me an duine do ċruṫaiḋ me ó aġaiḋ na talṁan; ar áon an duine, agus an beiṫeaċ, agus an ni ṡnáṁus agus éunlaiṫ an aiéir; óir as aiṫreaċ liom a ndéunaṁ.
Agus do ḃí an díle ar an ttalaṁ ceaṫraċad lá; agus do ṁeaduiġeadar na huisgiḋe, agus do iomċradar snas a náirc, agus do tógḃaḋ súas í os cionn na talṁan.
Oír seaċd lá fos, agus do ḃéura misi fá deara air, fearṫuinn do ḋéunaḋ ar an ttalaṁ ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe; agus gaċ uile ṡubstaint beó da ndearna mé, sgriosfuiḋ mé daġaiḋ na talṁan iad.
Agus féuċ, crúaiḋeoċaiḋ misi eaḋon misi croiḋe na Négiptaċ, agus leanfuid iad: agus do geaḃadsa glóir a ttimċíoll Ṗárao, agus a ṡlóiġ uile, agus ar a ċarbaduiḃ agus ar a ṁarcṡluaġ.
¶ Is misi, misi féin, an té ċoḃruiġeas siḃsi: cía ṫusa, as a mbíaṫ eagla ort roiṁe ḋuine raċus déug, agus roiṁe ṁac an duine noċ do ḋéantar mar an ḃféur;
Oír atá so mar uisgeaḋuiḃ Noah ḋaṁsa: óir mar do ṁionnuiḋ mé naċ raċaidís uisgeaḋa Noah ní as mó ar an ttalaṁ; marsin do ṁionnuiġ mé naċ béinn feargaċ riotsa, agus naċ maisleoċuinn ṫú.
Agus abair, Siḃsi a ṡléiḃte Israel, éistiġ bríaṫar an Tiġearna DIA, Is marso a deir an Tiġearna DIA ris na sléiḃtiḃ, agus ris na cnocaiḃ, ris na sroṫaiḃ, agus ris na gleantuiḃ; Féuċ, do ḃéara Misi, Misi fein, cloiḋeaṁ oruiḃ, agus millfiḋ mé ḃur náite árda.
Oír biaiḋ misi do Eṗraim aṁuil leoṁan, agus do ṫiġ Iúdah mar leoṁan óg: réabfa misi, eaḋon misi féin, agus imeoċad roṁam; do ḃéara mé liom é, agus ní ḟúaideoċuiḋ duine ar bíoṫ úaim é.
A sé do ní a ṡeomraḋa annsna neaṁuiḃ, agus do ṡuiḋiġ a ṡlúaġ annsa talaṁ; an té ġoirios air uisceaḋuiḃ na fairge, agus ḋóirtios amaċ íad air aḋaiġ na talṁan: Isé an TIĠEARNA a ainm.
Ionnus dó réir mar do ṫiġearnuiġ an peacaḋ ċum báis, go dtiġearnóċaḋ grás mar an gcéudna tré ḟiréantaċd ċum na beaṫa marṫanuiġe tré Iosa Críosd ar Dtiġearna.
Féuċuiḋ a nois gur misi, misi féin é, agus ní ḃfuil día am ḟarraḋ: is mé ṁarḃus, agus is mé ní béo; loitim, agus leiġisim: agus ní mó atá éinneaċ ḟéadas sáoraḋ as mo láiṁ.
As tré ċreideaṁ, ar ḃfaġáil fógarṫa ó Ḋía do Naói a dtimċioll na neiṫeann naċ raiḃ fós ré na ḃfaicsin, ar ngaḃáil ḟaitċis do, dullṁuiġ sé a náirc do ṡáḃáil a ṫiġe féin; tré ḋamnuiġ sé an doṁan, agus do rinneaḋ óiġre na fíréuntaċda atá tré ċreidiṁ ḋé.
Noċ do ḃí easúmal a nallód, an tan do ḟan foiġid ḟada Dé a láeṫiḃ Náoi, an feaḋ do ḃí a náire ḋá hullṁúġaḋ, ionnar cáoṁnaḋ beagán, eaḋon, oċd bpearsanna tré uisge.
Agus monar ċoigil sé an seandoṁan, aċd gur ṡáor sé Náoi an toċdṁaḋ pearsa, seanmóntuiġe na fíréuntaċda, ar dtaḃairt na díleann dó ar a ndoṁan na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa;