16 Do ḋéuna tú fuinneóg do náirc, agus críoċnoċaiḋ tú í a ccuḃad ṡúas; agus cuirfiḋ tú dorus na hairce ar a taoḃ; maille ré hísliuġaḋ, an dara, agus an treas lota, do ḋéuna tú í.
Agus feuċ, misi, misi féin, do ḃéirim tuile uisgeaḋ ar an ttalaṁ, do sgrios gaċ uile ḟeóla, ann bfuil anal na beaṫa fáoi neaṁ; agus gaċ a ḃfuil sa talaṁ, do ġeaḃa sé bás.
Agus a núair ṫaínic aírc an TIĠEARNA go caṫruiġ Ḋáiḃi, dféaċ Miċal inġean Ṡauil ar ḟuingeóig, agus do ċonnairc sí Dáiḃi ríġ ag leímniġ agus ag daṁsa as coinne an TIĠEARNA; agus do ṫarcuisniġ sí é ann a croiḋe.
Do ḃí postaḋa an doruis, agus da fuinnéoga cuṁga, agus na hionaid spaisteoireaċda timċioll fa ccuáirt air a ttrí lofta, ṫall as coinne an doruis, foluiġṫe le haḋmad timċioll fa ccuáirt, agus air an ttalaṁ súas gus na fuinneógaiḃ, agus do ḃádar na fuinneoga ar na ḃfolaċ;
Ṫall as coinne na ḃfiṫċiod ċuḃad noċ do ḃí don ċúirt a stiġ, agus ṫall as coinne na páḃála do ḃí don ċúirt amuiġ, do ḃí áit spaisdéoraċda ar aġaiḋ áite spaisdéoraċda a ttrí teaġaisiḃ.
O a nuáir fá néireóċaiḋ fear an tiġe, agus fá a ndúnfa sé a ḋóras, agus ṫionnsganuiḋ siḃsi seasaṁ a muiċ, agus an doras do ḃuálaḋ, ag ráḋ, A Ṫiġearna, A Ṫiġearna, osguil dúinne; agus ar ḃfreagra ḋósan a déara sé riḃ, Ní ḃfuil a ḟios agam cía bas dáoiḃ: