13 Agus a duḃairt Día re Naói, táinic críoċ a nuile ḟeola am ḟiaġnuisi; óir is lán an talaṁ durċóid tríoṫasan; agus, féuċ, sgriosfuiġ mé iad maille ris an ttalaṁ.
Do ḃádar aiṫiṫe ar an ttalaṁ ann sna laeṫiḃ sin; agus mar an ccéudna na ḋiáiġ sin, a nuair ṫangadar mic Dé a steaċ ċum inġeana na ndáoine, agus rugadar clann dóiḃ, do ḟásadar sin na ndáoiniḃ árrṫaċda, noċ do ḃí san tseanaimsir na ndáoiniḃ iomráiteaċ.
Agus do éug gaċ uile ḟeóil dár ċorruiġ ar an ttalaṁ, idir éunuiḃ agus áirnéis agus ainṁiṫiḋ agus gaċ áonni snaṁeaċ a ṡnáṁus ar an ttaluṁ, agus gaċ uile ḋuine:
Agus do sgriosaḋ gaċ uile ṡubstaint beó noċ do ḃí ar druim na talṁan, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ, agus an ni ṡnáṁus, agus éunlaiṫ neiṁe; agus do sgriosaḋ on talaṁ iad: agus do ḟan Naói aṁáin na ḃéaṫaiḋ, agus an luċd do ḃí na ḟoċair sa náirc.
Oír seaċd lá fos, agus do ḃéura misi fá deara air, fearṫuinn do ḋéunaḋ ar an ttalaṁ ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe; agus gaċ uile ṡubstaint beó da ndearna mé, sgriosfuiḋ mé daġaiḋ na talṁan iad.
Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.
Agus a duḃairt sé, A Amois, cred do ċí tú? agus a duḃairt misi, Clíaḃ do ṫoraḋ saṁruiġ. Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa. Ṫáinic an deireaḋ air mo ṗobal Israel; ní ġéaḃa mé láiṁ ríu ní is mó.
As tré ċreideaṁ, ar ḃfaġáil fógarṫa ó Ḋía do Naói a dtimċioll na neiṫeann naċ raiḃ fós ré na ḃfaicsin, ar ngaḃáil ḟaitċis do, dullṁuiġ sé a náirc do ṡáḃáil a ṫiġe féin; tré ḋamnuiġ sé an doṁan, agus do rinneaḋ óiġre na fíréuntaċda atá tré ċreidiṁ ḋé.