Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 6:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do ḟeuċ Día ar an ttalaṁ, agus, féuċ, do ḃí sé trúailliġe; óir do ṫruáill gaċ uile ḟeóil a ṡliġe ar an ttalaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 6:12
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Do ċionn gur mór coṁairc Ṡodom agus Ġomorrah, agus do ċionn go bfuilid a bpeacuiḋ ro ṫrom;


Raċuiḋ mé sios a nois, agus féuċ fa mé a ndearnadur ṫríd amaċ do réir a gcomarc ṫáinic go nuige mé, agus muna ndearn biáiḋ a fios agum.


Agus a duḃairt Día re Naói, táinic críoċ a nuile ḟeola am ḟiaġnuisi; óir is lán an talaṁ durċóid tríoṫasan; agus, féuċ, sgriosfuiġ mé iad maille ris an ttalaṁ.


Aċ fuair Naói grása a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Naói, Tárr féin agus do ṫeaġ uile ann sa náirc; óir do ċonnairc mé firéunta ṫú am ḟiaġnuisi annsa ngeinealaċ so.


Agus do éug gaċ uile ḟeóil dár ċorruiġ ar an ttalaṁ, idir éunuiḃ agus áirnéis agus ainṁiṫiḋ agus gaċ áonni snaṁeaċ a ṡnáṁus ar an ttaluṁ, agus gaċ uile ḋuine:


Agus a duḃairt Día, Ag so coṁarṫa an ċunnarṫa do ním eadram féin agus siḃsi agus gaċ uile ċréatuir beó dá ḃfuil maille riḃ, a ngeinealaċuiḃ síorruiḋe:


Féuċuiḋ sé ar na daóiniḃ, agus má deir áonduine, Do ṗeacuiḋ mé, agus do ċuir mé an ceart ar ccúl, agus ní ḋéarna tarḃa ḋaṁ;


Atáid súile an TIĠEARNA ann gaċ uile ḃall, ag féuċuin air a nolc agus air an maiṫ.


Agus do ċífi gaċ uile ḟeoil slanuġaḋ Dé.


Agus monar ċoigil sé an seandoṁan, aċd gur ṡáor sé Náoi an toċdṁaḋ pearsa, seanmóntuiġe na fíréuntaċda, ar dtaḃairt na díleann dó ar a ndoṁan na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ