Do ḃríġ go raiḃ tú sóċroiḋeaċ, agus gur úṁluiġ tú ṫú féin a ḃfiaḋnuise Dé, a nuáir do ċúala tú a ḃríaṫra a naġaiḋ na háitesi, agus a naġaiḋ a ḋáoine, agus gur ísliġ tú ṫú féin am laṫairsi, agus gur réub tú héadaċ, agus gur ġuil tú am laṫair; do ċúala misi ṫú mar an gcéadna, ar sa an TIĠEARNA.
Ní cluinfiġear foiréigion ann do ṫír ní sa ṁó, fásuġaḋ nó aiḋṁilleaḋ táoḃ a stiġ dot ṫéorannuiḃ; aċt goirfiḋ tú dot ḃallaḋuiḃ Slánuġaḋ, agus dot ġeataḋuiḃ Molaḋ.
Aṁuil mar ṫeilgios tiobruid a huisceaḋa amaċ, is marsin ṫeilgiḋ sí amaċ a cionta: do ċlos foiréigin agus milleaḋ innte; atá dom laṫairsi a ccoṁnuiġe doilġios agus cneaḋa.
Maille lehiomad do ċeannuiġeaċta do líonadar do lár lé foiréigion, agus do ṗeacuiḋ tú: uimesin teilgfiḋ misi ṫú aṁuil neiṁḋíaḋa amaċ as slíaḃ Dé: agus scriosfa mé ṫú, a ċerub ḟoluiġ, ó lár na leac tteineaḋ.
¶ Annsin a duḃairt sé riom, An ḃfaca tú so, a ṁic an duine? An ní éattrom ag tiġ Iúdah na gráineaṁlaċta do ḋéanaṁ noċ do níd annso? óir do líonadar an tír dfoiréigion, agus dfilleadar dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge: agus, féuċ, do ċuireadar an ċráoḃ ċum a srona.
Oír foileoċuiḋ éigion Lebanon ṫú, agus creaċ ḃeaṫaċ, noċ do ċuir eagla orra, ar son fola daóine, agus ar son éigine na tíre, na caiṫreaċa, agus a nuile ḋuine aitriġios ínte.
Do ḃríġ gur ṁill tú iomad cineaḋaċ, millfiḋ uile íarsma na ndaóine ṫusa; ar son fola daóine, agus ar son éigne na tíre, na caiṫreaċa, agus a nuile ḋuine ċoṁnuiġios inte.
Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé.
Oír atá ḟios agum tar eís mo ḃáis go ttrúaillfiḋiġ siḃ féin ṫrid amaċ, agus go niompoċuiḋiġ do leaṫ ṫaoiḃ as a tsliġe do ṁúin mé ḋíḃ; agús tuitfiḋ olc oruiḃ an sna laéṫiḃ deiġionaċa; do bríġ go ndéantáoi olc a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċuin feirge tré oibreaċuiḃ ḃur láṁ.
Agus tárla, a núair fúair an ḃreiṫeaṁ bás, gur iompoiġeadar, agus gur ṫrúailliġeadar íad feín, nisa ṁó ná a naiṫreaċa, ag leanṁuin dée oile dá naḋraḋ, agus duṁluġaḋ síos dóiḃ; níor sguireadar dá ngníoṁraḋ fein, nó dá sliġe easuṁail.