Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 50:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus do ċuáiḋ suas leis, carbuid fós agus marcṡluáġ: agus bá roṁór an ċuideaċda íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 50:9
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tug air dul air marcuiġeaċd san dara carbad do ḃí áige: agus do ḟúagradar roiṁe, filliḋ ḃar nglún: agus do rinne sé úaċdarán ḋe ós cionn criċe na Hégipte uile.


Agus do rinne Ióseṗ a ċarbad réiġ, agus do ċuaiḋ súas do ṫeagṁáil ar Israel a aṫair, go Gosen, agus do ṫais béin é féin do; agus do laiġ ar a ṁuinéul, agus do ġuil ar a ṁuinéul tamall maiṫ.


Agus tangadur gó hurlúr ḃuáilte Atad, noċ ata táoḃ ṫall do Iórdan agus ann sin do rinneadur cuṁa maille ré caóineaḋ aḋḃalṁor: agus do rínne dóḃrón ann sin ar a aṫar seaċd lá.


Agus tiġ Ióseṗ uile, agus a ḋearḃraiṫre, agus tiġ a aṫar: aċd aṁáin a miondaóine, agus a ttréada, agus a nealḃaḋa do ḟágḃadur a ḃfearann Gosen.


Cionnus maiseaḋ iompóċus tú uáit aġaiḋ éanċaptín aṁáin do na searḃḟoġantuiḃ is luġa ag am ṁaíġistir, agus ċuirfeas tú do ḋóiġ san Négipt fa ċarbaduiḃ agus fa ṁarcṡlúaġ?


Agus féuċ, crúaiḋeoċaiḋ misi eaḋon misi croiḋe na Négiptaċ, agus leanfuid iad: agus do geaḃadsa glóir a ttimċíoll Ṗárao, agus a ṡlóiġ uile, agus ar a ċarbaduiḃ agus ar a ṁarcṡluaġ.


Agus do ḟilleadur na huisgiḋe, agus do ḟolċadar na cárbuid, agus an marcṡlúaġ, agus slúaġ Ṗárao uile, noċ ṫáinic san ḃfairge na diáiġ: níor fagḃaḋ niread agus éinneaċ ḋíoḃ.


Agus rug leis sé ċéad carbad tóġṫa, agus carbuid na Hégipte uile agus ceann feaḋua os cionn gaċ éanċoda ḋíoḃ.


¶ Do ċoiṁmeas mé ṫú, O a ġráḋ, ré cuideaċtuin ṁarcaċ a ccarbaduiḃ Ṗárao.


Agus do ṫógḃadar dáoine cráiḃṫeaċ Steaṗán ríu, agus do ċáoineadar go mór é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ