3 Agus do coiṁlíonaḋ ceaṫraċad lá ḋó: (óir is mar sin coiṁlíontar laéṫe na druinge do níṫear a ḃalmnuġaḋ) agus do rinneadur na Hégiptiġ doilġios ar a ṡoin, trí fiċid agus deiċ lá.
Agus tangadur gó hurlúr ḃuáilte Atad, noċ ata táoḃ ṫall do Iórdan agus ann sin do rinneadur cuṁa maille ré caóineaḋ aḋḃalṁor: agus do rínne dóḃrón ann sin ar a aṫar seaċd lá.
¶ Agus a nuáir do ċúadar laéṫe a ndóbróin ṫárrsa, do laḃair Ióseṗ ré tíġ Ṗárao, ag ráḋ, A nois ma fuáir mé grása ann ḃur raḋarc, guiḋim siḃ, laḃruiḋ a gclúasuiḃ Ṗárao ag ráḋ,
Agus cuirfe sí a culaiḋ ḃráiġdionuis di, agus fanfuiḋ ann do ṫiġsi, agus biáiḋ cuṁaiḋ a haṫar agus a maṫar uirre mí iomlán: agus na ḋiáiġ sin do ḋéana tú bean di, agus buḋ tú a fear, agus buḋ isi do ḃeansa.