Go ndéana puibleaċa seirḃís duit, agus go nuṁluiġe ciniḋeaċa síos duit; bi ad ṫiġearna ós cionn do ḋearḃráiṫreaċ, agus uṁluidís mic do ṁaṫar ḋuit: go má malluiġe gaċ áon ṁailleóċus tú, agus go ma beannuiġe an té ḃeinneóċus tú.
Agus tug air dul air marcuiġeaċd san dara carbad do ḃí áige: agus do ḟúagradar roiṁe, filliḋ ḃar nglún: agus do rinne sé úaċdarán ḋe ós cionn criċe na Hégipte uile.
Agus dob é Ióseṗ dob uaċdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacaḋ ré daoiniḃ na tíre úile agus tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ, agus do uṁluiġéadur íad féin sios dá laṫair lé na naigṫiḃ go talaṁ.
Agus a duḃairt Ioseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, As misi Ioseṗ; an ḃfuil máṫair beó fós? agus níor ḟéadadur a ḋearḃráiṫre freagra do ṫaḃairt air, óir do ḃí buáiḋreaḋ orra tré ḃeiṫ na laṫaír.
Marso a déarṫaói ré Ioseṗ, Guiḋim ṫú annois, maiṫ cionta do ḋearḃráiṫreaċ agus a bpeacaḋ: óir do rinneadur olc ort: agus a nois íarmuid daṫċuingé ort, maiṫ cionta ṡérbiseaċ Dé haṫar: Agus do ġuil Ioseṗ a nuáir do laḃradur ris.