Oír caiṫfiom bás dfulang, agus atámaóid mar uisge do ḋóirtfiḋ ar an dtalaṁ, naċ féidir do ċruinniuġaḋ a ris; agus ní ṁeasann Día pearsa, tar a ċéile: giḋeaḋ do ní sé sliġe, naċ scriosfuiḋe a ḋíbearṫaċ uaḋ.
Láeṫe ar mbliaḋna is deiċ mbliaḋna agus trí fiṫċid íad; agus má ḃid tre neart ceiṫre fiṫċid, is sáoṫar agus dioṁaoineas a neart; oir géarrṫar amaċ é go deiṫniosaċ, agus teiṫmíd roṁuinn.
A nuáir fós ḃías eagla orra ó ní árd, agus ó ċriṫeagal annsa tsliġe, agus ḃláiṫeoċus an crann almonda, agus go maḋ húalaċ an dréollán teasḃuiḋ, agus ḟailleoċus an fonn: do ḃríġ go ttéid an duine go háit a ṡáoġail, agus go ttéid na cuṁṫuiġ timċioll na sráideann:
Oír atá a ḟiós aig na héoḋuiḃ go néagfuid síad: aċt ni ḃí fios neiṫe ar biṫ ag na mairḃ, ní mó atá luáiġeaċt ar biṫ aca ní sa ṁó; óir ḋearmadaḋ a ccuiṁne.
Ionnus go ngráiḋeoċuiḋ tú do ṪIĠEARNA Día, agus go nuiṁleoċa tú dá ġuṫ, agus go ndruidfe tú ris: óir is é sin do ḃeaṫa, agus faduġaḋ do láeṫeaḋ: ċor go ccoiṁneoċa tú ansa dúiṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, do Abraham, Dísaac, agus do Iácob, do ṫaḃairt dóiḃ.