Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 5:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do buḋ íad láeṫe Aḋaiṁ tar éis Séṫ do ġeineaṁuin dó, oċd ccéud blíaġan: agus do ġein sé mic agus inġeana:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 5:4
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.


Agus do ṁair Arṗaxad cúig ḃliaġna déug ar ḟiċid, agus do ġein Salah:


Agus do ṁair Enos tar éis Cainan do ġeineaṁuin oċd ccéud agus cúig blíaġna déug, agus do ġein mic agus inġeana:


Agus do ṁair Cáinan tar éis Mahalaleel do ġeineaṁuin oċd cceud agus ceaṫraċad bliaġan, agus do ġein mic agus inġeana:


Agus do ṁa ir Iared taréis Enoċ do ġeineaṁuin oċd cceud blíaġan, agus do ġein mic agus inġeana:


Agus do ṡiuḃail Enoċ le Día tar éis ġeineaṁna Ṁatuselah tri ċéud blíaġan, agus do ġein mic agus inġeana:


Agus do ṁair Matuselah tar éis Lameċ do ġeineaṁuin seaċd cceud oċdṁoḋad agus da ḃliaġain, agus do ġein mic agus inġeana:


Agus do ṁair Aḋaṁ céud agus trioċad blíaġan, agus do ġein mac ann a ċosaṁlaċd féin, do réir a ḋealḃa; agus tug Séṫ dainm air:


Agus do ṁair Lameċ tar eis Naói do ġeineaṁuin cúig céud nóċad agus cúig ḃliaġna, agus do ġein mic agus inġeana:


Agus na láeṫe ar ṁair Aḋaṁ uile ba náoi ccéud agus trioċad bliaġan íad: agus fuáir sé bás.


Agus do ṁair Séṫ tar éis Enos do ġeineaṁuin oċd cceud agus seaċd mblíaġna, agus do ġein mic agus inġeana:


Agus do ḃeannuiġ Día Naói agus a ṁic, agus a duḃairt riú; Biġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ, agus lionaiḋ an talaṁ.


Agus siḃsi, bíġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ; geiniḋ go hiomarcaċ ar an ttalaṁ, agus iomaduiġiḋ ann.


Féuċ, is oiġreaċt don TIĠEARNA clann: toraḋ na mbronn a luaiḋeaċd.


Ionnus go raḃaid ar mic mar plannduiġe móra ag fás iona nóige; ar ninġeana mar cloċa cuinne ar na ngearraḋ, do réir ċosaṁlaċt ṗáláis:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ