29 Agus do ġoir Naói dainm ḋe, da ráḋ; do ḃéura an tisi meisneaċ ḋúinn a ttáoiḃ ar noibre agus saoṫair ar láṁ, do ḃríġ an talaiṁ do ṁalluiġ an TIĠEARNA.
Agus do sgriosaḋ gaċ uile ṡubstaint beó noċ do ḃí ar druim na talṁan, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ, agus an ni ṡnáṁus, agus éunlaiṫ neiṁe; agus do sgriosaḋ on talaṁ iad: agus do ḟan Naói aṁáin na ḃéaṫaiḋ, agus an luċd do ḃí na ḟoċair sa náirc.
Oír atá so mar uisgeaḋuiḃ Noah ḋaṁsa: óir mar do ṁionnuiḋ mé naċ raċaidís uisgeaḋa Noah ní as mó ar an ttalaṁ; marsin do ṁionnuiġ mé naċ béinn feargaċ riotsa, agus naċ maisleoċuinn ṫú.
Bíoḋ go mbeiṫ Noah, Daniel, agus Iób, annsin, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ṡaorfuid síad mac nó inġean; ní ṡáorfuid síad aċt a nanmanna féin le ná ḃfíréantaċt.
As tré ċreideaṁ, ar ḃfaġáil fógarṫa ó Ḋía do Naói a dtimċioll na neiṫeann naċ raiḃ fós ré na ḃfaicsin, ar ngaḃáil ḟaitċis do, dullṁuiġ sé a náirc do ṡáḃáil a ṫiġe féin; tré ḋamnuiġ sé an doṁan, agus do rinneaḋ óiġre na fíréuntaċda atá tré ċreidiṁ ḋé.
Noċ do ḃí easúmal a nallód, an tan do ḟan foiġid ḟada Dé a láeṫiḃ Náoi, an feaḋ do ḃí a náire ḋá hullṁúġaḋ, ionnar cáoṁnaḋ beagán, eaḋon, oċd bpearsanna tré uisge.
Agus monar ċoigil sé an seandoṁan, aċd gur ṡáor sé Náoi an toċdṁaḋ pearsa, seanmóntuiġe na fíréuntaċda, ar dtaḃairt na díleann dó ar a ndoṁan na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa;