Agus a duḃairt seision rium, An TIĠEARNA as coṁuir a ṡiuluimsi cuirfiḋ sé a aingeal leaċd, agus soirḃeóċuiḋ do ṡliġe; agus do ḃéura tú bean dom ṁacsa dom ġáol, agus do ṫiġ máṫar:
Agus a duḃairt Iacob a naṫair ríu, Do ḃeanaḃair mó ċlann díom, ní ḃfuil Ióseṗ ann, agus ni ḃfuil Simeon, agus béurṫáoi Beniamin uáim: ataid na neiṫesi uile am aġuiḋ.
Agus tárla, mar do ḃádar ag imṫeaċd ar a naġuiḋ, agus ag caint, féuċ, carbad tinntiġe, agus eiċ ṫinntiġe, do ċuireadar aráon íad ó ċéile; agus do ċuáiḋ Elias súas le gaóṫ guairdeain air neaṁ.
¶ Agus do ċonnairc Elisa sin, agus do éiġ sé, O mo aṫair, ó mo aṫair, carbad Israel, agus a ṁarcṡlúaġ. Agus ní ḟaca sé ní sa ṁó é: agus rug sé ar a éadaċ féin, agus do réub an ndá ċuid íad.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Do ċlós gúṫ ann Rámah, cáoi, agus gul géur; Raċel ag caóineaḋ a cloinne do ḋiúlt si coṁfortaċt ar son a cloinne, do ḃríġ naċ raḃad ann.