Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 5:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus do ṡiuḃail Enoċ le Día tar éis ġeineaṁna Ṁatuselah tri ċéud blíaġan, agus do ġein mic agus inġeana:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 5:22
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.


Agus a duḃairt seision rium, An TIĠEARNA as coṁuir a ṡiuluimsi cuirfiḋ sé a aingeal leaċd, agus soirḃeóċuiḋ do ṡliġe; agus do ḃéura tú bean dom ṁacsa dom ġáol, agus do ṫiġ máṫar:


Agus do ḃeannuiġ sé Ióseṗ, agus a duḃairt, Día, ós cuinne ar ṡioḃail mo aiṫreaċa Abraham agus Isaac, an Día do ḃeaṫuiġ mé ar feáḋ mo ṡaoġuil gus a niuġ.


Agus do ṁair Enoċ seasgad agus cúig ḃliaġna, agus do ġein Matuselah:


Agus dob iad láeṫe Enoċ uile tri ċéud agus seasgad agus cúig ḃlíaġna:


Agus do ṡiuḃail Enoċ ré Día: agus ní raiḃ sé; óir rug Día leis é.


A síad so geinealuiġ Naói: do ḃí Naói na ḋuine ḟiréunta agus iomlan ann a ġinealaċaiḃ, agus do ṡiuḃail Naói lé Dia.


Ionnus go ndamgneoċaiḋ an TIĠEARNA a ḟocal, noċ do laḃair sé dom ṫáoḃsa, ga raḋ, Má ḃeirid do ċlann aire dá sliġe, ag siuḃal a ḃfírinne am laṫairse maille re na nuile croiḋe agus re na nuile annum, ní ṫeisdeoċa uáit (ar seision) duine a ccaṫaóir ríoġa Israel.


Guiḋim ṫú, O a ṪIĠEARNA, cuiṁniġ a nois mar do ṡiuḃail mé ad laṫair a ḃfírinne agus maille re croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní buḋ ṁaiṫ ad raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.


Sioḃolad ar maġaiḋ ós coinne an TIĠEARNA a ttalaṁ na mbéo.


Is beannuiġe gaċ áon air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA; noċ ṡioḃlas iona ṡliġṫiḃ.


Do ċuirios an TIĠEARNA do ġnáṫ ós mo ċoinne: do ḃríġ go ḃfuil sé air mo láiṁ ḋeis, ní ċorroċṫar mé.


Aċt am ṫáoḃsa, siuḃoluiġ mé ann mo ḋioġruis: sáor mé, agus déan trócaire orum.


Oír dfúascail tú manam ó ḃás: naċ saórfa tú mo ċosa ó leagaḋ, ċum go siuḃola mé go diongṁalta a laṫair Dé a solus na mbéo?


Teagaisg ḋaṁ a ṪIĠEARNA, do ṡliġṫeaċa; agus siuḃólad ann tfírinne: coiṁċeangail mo ċroiḋe ċugadsa deagluġaḋ hanma.


An sin duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Féuċ, fearfa misi aran ó neaṁ ḋáoiḃ, agus raċuid na dáoine amaċ agus cruinneoċuid suim áiriġe gaċ lá, go ndearḃa mé íad, an siuḃoluid ann mo ḋliġeaḋ, nó naċ déanúid.


Tarruing misi, rioṫfam ad ḋiáiġ: ṫug an ríġ ḋá ṡeomraḋuiḃ mé: biáiḋ lúaṫġáire oruinn agus do ḋéanam gáirdeaċus ionnadsa, agus cuiṁneoċum do ġráḋ nísa ṁó na fíon: is ionṁuin leis an ḃfírean ṫú.


Cía is críonna, agus tuigfe sé na neiṫese? glic, agus aiṫeona sé íad? óir is díreaċ sliġṫe an TIĠEARNA, agus siuḃoluid na fíréin ionta: aċt tuitfid na ciontuiġ ionta.


Agus síuḃoluiḋ me ḃur measc, agus beiḋ me am Ḋía aguiḃ, agus beiṫíse ḃur bpobal agamsa.


An féidir días do ṡiuḃal le ċéile, mun ḃéid síad réiḋ?


Oír siuḃoluiḋ a nuile ṗobal gaċ uile ḋuine ḋíoḃ a nainm a ḋé, agus siuḃoluimne a nainm an TIĠEARNA ar Ndía go sáoġal na sáoġal.


Do ṫaisbéin sé ḋuit, a ḋuine, cred is maiṫ; agus créd íarrus an TIĠEARNA ort, aċt ceart do ḋéanaṁ, agus trócaire do ġráḋuġaḋ, agus siuḃal go huṁal le do Ḋía?


Do ḃí dliġeaḋ na fírinne iona ḃéul, agus níor fríṫ éicceart iona ṗuisíniḃ: do ṡiuḃuil sé liomsa a síoṫċain agus a cceart, agus dfill mórán leis ó eaicceart.


Agus do ḃádar a ráon na ndáoiniḃ fíreanta a ḃfíaḋnuisi Dé, ag sioḃal go neiṁċiontaċ ann uile aiṫeantuiḃ agus órduiġṫiḃ an Tiġearna.


Uime sin fúair an eagluis ar feaḋ ṫire Iúdaiġe agus na Galilé agus na Samária síoṫċain; ar mbeiṫ ḋóiḃ ar na dtogḃáil súas sa gcreideaṁ: agus ag siúḃal a neaglá Dé, agus do ḃádar ar na líonaḋ do ċoṁḟurtaċd an Spiorad Náoiṁ.


Ar a naḋḃarsin ní ḃfuil damnuġaḋ ar biṫ a nois don dreim atá a Niósa Críosd, naċ sioḃlann do réir na féola aċd do réir na Spioruide.


Aċd do réir mar do roinn Día a ṫioḋlaice ré gaċ éunduine, do réir na gárma tug an Tiġearna dá gaċ áon, go maḋ haṁluiḋ sin ṡiuḃalfus sé. Agus is mar sin órduiġimse sna huile eagluisiḃ.


Nó créd é an ceangal do ḃíaḋ ag teampoll Dé agus ag ioḋaluiḃ ré ċéile? óir is siḃse teampoll Dé ḃí; do réir mar a duḃairt Día, Biáiḋ mé um ċóṁnuiḋe ionnta, agus siuḃólad na measg; agus biáiḋ me um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.


Uime sin táḃruiḋ dá ḃur náire cionnas do ṫiucfaḋ riḃ siúḃal go haireaċ: ní mar ḋruing gan eagna, aċd mar ḋruing eagnuiḋe,


Siuḃoltaoi a ndiáiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus biáiḋ a eagla oruiḃ, coiṁéadfuiḋe a aiṫeanta, agus uiṁleoċtaói dá ġuṫ, agus do ḋéantaói serḃís dó, agus greamoċuiġe ḋe.


Daingneoċuiḋ an TIĠEARNA ṫú mar ṗobal náoṁṫa ḋó féin, mar do ṁionnuiġ sé ḋuit, má ċoiṁéadann tú aiṫeanta do ṪIĠEARNA Dé, agus siuḃal iona ṡliġṫiḃ.


Siuḃólfáoi annsna huile ṡliġṫiḃ dar aiṫin an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋíḃ, ċor go mairfiḋe, agus go mbeiṫear go maiṫ aguiḃ, agus go ḃfáídeoċṫáoi ḃur laéṫe annsa dúṫaiġ noċ ṡealḃoċṫáoi.


Ionnus go siúḃalfaḋ siḃ mar as cuḃaiḋ don Tíġearna maille ré sa ṫoil do ḋéunaṁ sna huile neiṫiḃ, ag taḃairt toruiḋ uáiḃ sa nuile ḋeaġobair, agus ag fás a néolas Dé;


Siúḃluiḋ go héagnuiḋe a dtáoḃ na druinge atá a muíṫ, ar mbeiṫ ḋíḃ ag fúasglaḋ na haimsire.


Ionnus go siuḃalfaḋ siḃ go cúḃaiḋ do Ḋía, noċ do ġoireas siḃ ċum a ríoġaċda agus a ġlóire féin.


Tuilleaḋ eile a ḋearḃráiṫre, cuirmíd dimpiḋe agus daṫċuinge oruiḃ, trés an Dtíġearna Iósa, siḃ ṫeaċd ar ḃur náġuiḋ ní sa ṁó ná ċéile, do réir mar fúaraḃair uáinne an gléus air ar coir ḋaoiḃ síuḃal, agus toil Dé do ḋéunaṁ.


Aċd da siuḃlam sa tsolas, aṁuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré ċéíle, agus glanuiḋ fúil Iósa Críosd a Ṁicsion sinn ó nuile ṗeacaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ