Cuiṁniġ a nois do Ċruṫaiġṫeóir a láeṫiḃ hóige, suil ṫiocfuid na droċláeṫe, nó ḋruidfid na blíaḋna ríot, a naibeora tú, Ni ḃfuil sólás air biṫ agam iontaḋ;
Agus ar mbeiṫ ḋúinn uile, gan folaċ air ar naḋuiġ ag féuċuinn ġlóire an Tiġearna aṁuil do ḃíaḋ a sgaṫán, curṫar a náiṫearraċ croṫa sinn sa nioṁáiġ ċéudna sin ó ġlóir go glóir, ré Sbioruid an Tiġearna.
Noċ ar mbeiṫ ḋo na ḋeallraḋ glóire, agus na ioṁáiġ ḟíre a ṗearsannsan, agus ag congṁáil súas na nuile neiṫeann ré breiṫir a ċúṁaċd féin, ar nglanaḋ ar bpeacuiġne ḋó ṫríd féin, do ṡuiġ sé ar láiṁ ḋeis na Mórġaċda sna hárduiḃ;
Do ḃádar fós ar naiṫreaċa colluiḋe aguinn na luċd smaċduiġṫe, agus do ḃeirmís urruim ḋóiḃ: a né naċ ro ṁó ná sin do ḃéuram úṁlaċd Daṫair na spiorad, agus bíam béo?