Agus do ḃádar sé ċoisceím gus an ccaṫaóir ríoġa, maitle re cosstol óir, noċ do ḃí ceangailte don ċaṫaóir, agus láṁa air gaċ táoiḃ do nionad suiḋe, agus ḋá leoṁan na seasaṁ ag na láṁuiḃ:
Anois an tan do ċonnairc sí gur ḟeiṫ sí, agus go ndeaċuiḋ a dóiġ a múġa uirre, annsin do ġlac sí áon oile dá cuiléanuiḃ, agus do rinne sí leoṁan óg ḋe.
Oír biaiḋ misi do Eṗraim aṁuil leoṁan, agus do ṫiġ Iúdah mar leoṁan óg: réabfa misi, eaḋon misi féin, agus imeoċad roṁam; do ḃéara mé liom é, agus ní ḟúaideoċuiḋ duine ar bíoṫ úaim é.
¶ Agus biáiḋ íarḋraói Iácob a measg na ngeinteaḋ a lár ṁóráin daóine aṁuil leoṁan a measc ḃeaṫaċ na foraóise, aṁuil óg leoṁan a measg na ttréud cáoraċ: noċ, má ṫéid sé ṫrid, sailteoruiḋ sé síos agus fós stíallfniḋ sé na mbloḋuiḃ; agus ní ḟeadfuiḋ duine ar bioṫ sin do ṫarṫáil.
Féuċ, éireoċuiḋ an pobal súas mar leoṁan ṁór, agus tóigfiḋ é féin súas mar leoṁan óg: ní luidfiḋ sé síos nó go niṫiḋ don ċreiċ, agus nó go niḃiḋ fuil na marḃ.
Do ċrap sé, do luiḋ sé síos mar leoṁan, agus mar leoṁan mór: cía ċorróċus súas e? Is beannuiġe an té ḃeannoċus ṫusa, agus is malluiġe an té ṁailleoċus ṫú.
Ann sin ḃías an ċríoċ ḋeiġeanaċ, ar dtaḃairt na rioġaċda súas dó a láiṁ Dé, eaḋon an Taṫar; an tan ċuireas sé ar gcúl gaċ uile úaċdaránaċd, agus gaċ uile ċúṁaċd agus gaċ uile neart.
Agus a dúḃairt neaċ do na seanóiriḃ riom, Ná guil: féuċ, rug an Leoṁan do ṫreiḃ Iúda, Fréuṁ Ḋáiḃí, buáiḋ air an leaḃar dfosglaḋ, agus ar a ṡeaċd séuluiġiḃ go sgáoileaḋ.