Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 49:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 ¶ A Iúdah, as tusa an té noċ ṁolfuid do ḋearḃraiṫre; biaiḋ do láṁ a muinéul do náṁad; cláonfuiḋ clann haṫar síos ad laṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 49:8
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go ndéana puibleaċa seirḃís duit, agus go nuṁluiġe ciniḋeaċa síos duit; bi ad ṫiġearna ós cionn do ḋearḃráiṫreaċ, agus uṁluidís mic do ṁaṫar ḋuit: go má malluiġe gaċ áon ṁailleóċus tú, agus go ma beannuiġe an té ḃeinneóċus tú.


Agus do ṫoirrċeaḋ a rís í, agus rug sí mac: agus do ráiḋ si, A nois ṁolfa mé an TIĠEARNA; uime sin do ġoir sí Iudah dainm ḋe; agus do scuir do ḃreiṫ.


Agus dob é Ióseṗ dob uaċdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacaḋ ré daoiniḃ na tíre úile agus tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ, agus do uṁluiġéadur íad féin sios dá laṫair lé na naigṫiḃ go talaṁ.


Agus mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Sélah, agus Ṗáres, agus Sárah: aċ fuair Er, agus Onan bás a ttír Ċánaain. Agus mic Ṗáres dob íad Hesron, agus Hámul.


Ṫug tú ḋaṁ mar an gcéadna muinéil mo náṁad, ionnus go muirfinn an luċd ḟuáṫuiġios mé.


Agus ṫug Ióab don ríġ suim uiḃre na ndaóineaḋ: agus do ḃí ann Israel oċd ccéad míle fear gaisgeaṁuil do ṫarruing cloiḋeaṁ; agus do ḃí muinntir Iúdah cúig ċéud míle fear.


Mar sin ṫangadar sinnsir Israel uile gus an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi ríġ ceangal ríu ann Hébron a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel.


Giḋeaċ do ṫoġ an TIĠEARNA Día Israel misi roiṁe ṫiġ maṫair uile do ḃeiṫ am ríġ ós Israel go bráṫ: óir do ṫoġ sé Iúdah do ḃeiṫ na úaċdarán; agus do ṫiġ Iúdah, tiġ maṫarsa; agus a measc ṁac maṫarsa do ṫaitin misi ris do ḋéanaṁ ríġ ḋiom os cionn Israel uile:


Oír do ḃúaḋuiġ Iúdah ós cionn a ḋearḃráiṫreaċ, agus úaḋ ṫangadar na príoṁúaċdaráin; aċt buḋ le Ioseṗ an ceirtbearṫa.)


¶ Agus do ḃí slúaġ daóine ag Asa do iomċraḋ targáid agus gaéṫe, as Iúdah trí ċéad míle; agus as Beniamin, diomċraḋ sciaṫa agus do ṫairngeaḋ boġa, ḋa ċéad agus céiṫre fiṫċid míle: do buḋ fir árraċda ċróḋa íadso uile.


Agus do ċruinniġ sé Iúdah agus Beniamin uile, agus coiṁiġṫiġ maille riú as Eṗraim agus Manasseh, agus as Símeon: óir do ḟilleadar mórán Disrael air, a núair do ċonncadar go raiḃ a ṪIĠEARNA Día leis.


Agus do ċuir sé neart daoine a ccaiṫreaċaiḃ daingne Iúdah uile, agus do ċuir sé díonlungṗort a ḃfearann Iúdah, agus a ccaiṫreaċaiḃ Eṗraim, noċ do ġaḃ Asa a aṫair.


Ṫairis sin duṁluiġeadar móran do Aser agus do Ṁanasseh agus do Ṡebulun iad fein, agus ṫangadar go Hierusalem.


Aiṫniġṫear Día ann Iúdah: is mór a ainm a Nísrael.


Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.


An feaḋ do ċífid díoṁaóineas duitse, an feaḋ ḟáistiniġid bréaga ḋuit, dot ṫaḃairt air ṁuinéuluiḃ na druinge marḃṫar leis na ciontaċaiḃ, noċ dá ttáinic a lá, an tan ċríoċnoċṫar a néigceart.


An méid do hairṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Iúdah, do ḃádar trí fiċid agus ceiṫre ṁile deúg agus sé ċéud.


¶ Annsa ċead áit do ċuaiḋ brataċ ċampa ċloinne Iúdah do réir a slúaġ: agus do ḃí Nason ṁac Aminadab ós cionn a ṡlúaiġ.


Agus do buḋ íad mic Iúdah do réir a ttreaḃa; ó Ṡélah, treaḃ na Selaníteaċ: ó Ṗáres, treaḃ na Ṗaresíteaċ: ó Ṡérah, treaḃ na Serahíteaċ.


Síadso treaḃa Iúdah do réir ar hairṁeaḋ ḋíoḃ, trí fiċṫid agus sé ṁíle ḋéug agus cúig ċéad.


¶ Agus do ġuiḋ an ccéadna do Iúdah: agus a duḃairt, Eist, a ṪIĠEARNA, guṫ Iúdah, agus taḃair ċum a ḋaoíne e: go maḋ lór ḋó a láṁa; agus bíse ad ċongnaṁ ḋó ó na náṁuid.


Ag fuireaċ ó sin amaċ nó go gcurṫar a naiṁde na sdól cos faói.


Oír as ní follas gur do ṫreiḃ Iúda do éiriġ an Tiġearna; treaḃ ar nar laḃair Máoise éinni a dtáoḃ na sagartaċda.


Agus tárla, a núair ṫugadar na riġṫesin amaċ go Iosua, gur ġoir Iosua ar ḟearuiḃ Israel uile, agus a duḃairt sé re caiptíniḃ an luċd cogaiḋ do ċúaiḋ leis, Druidiḋ a leiṫ, cuirfiḋe ḃur ccosa ar ṁuinealuiḃ na rioġso. Agus tangadar láiṁ ris, agus do ċuireadar a ccosa ar a muinealuiḃ.


Sí so oiġreaċd ṫréiḃe ċloinne Iúdah do réir a muinntear.


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Agus a dúḃairt neaċ do na seanóiriḃ riom, Ná guil: féuċ, rug an Leoṁan do ṫreiḃ Iúda, Fréuṁ Ḋáiḃí, buáiḋ air an leaḃar dfosglaḋ, agus ar a ṡeaċd séuluiġiḃ go sgáoileaḋ.


¶ Agus déirġeadar clann Israel, agus do ċúadar súas go tiġ Dé, agus díarradar coṁairle ar Ḋía, agus a duḃradar, Cía haguinn raċus súas ar ttús do ṫroid a naġaiḋ ċloinne Beniamin? agus a duḃairt an TIĠEARNA, Raċaiḋ Iúda ar ttús.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ