6 O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir na bí a naontuiġ ré na gcruinniuġaḋ; óir do ṁarḃadur duine ann a ḃfeirg, agus ann a nantoil féin do ṫoċladur síos balla.
Agus a duḃairt Iácob ré Símeon, agus ré Léḃi, Do ċuireaḃair buáiḋreaḋ orum, mo ḋéanaṁ bréun a measg aitreaḃaḋ na tíre, a measg na Ccanaaniteaċ, agus a measc na Bperisiteaċ: agus gan mé aċ beagán a nuiṁir, cruinneoċuid íad féin uile am aġuiḋ, agus muirfid mé; agus sgriosfuiġer mé féin agus mo ṫiġ.
Agus do ḃean Dáiḃi míle carbad ḋe, agus seaċd ccéad marcaċ, agus fiṫċe míle coisiġ: agus do ġearr Dáiḃi speirreaċa eaċ na cearbad uile, aċd do ṡaḃáil sé díol ċéud carbad dioḃ.
Agus rug Dáiḃi míle carbad úaḋ, agus seaċd mile marcaċ, agus fiṫċe míle coisiġ: do ġéarr Dáiḃi fós spiorṫeaċ eaċ na ccarbad uile, aċd do ċáoṁuin sé céad carbad díoḃ.
Cred fa tteilgeann tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía.
Cred fa tteilgionn tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfad é fós, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía.
¶ Minniġe, minniġe! atáim ar mo ċráḋ a mballuiḋiḃ mo ċroiḋe; do ní mo ċroiḋe fuáim ionnam; ní ḟéaduim ḃeiṫ am ṫoċd, do ḃríġ go ccúala tusa, ó a manam, guṫ an stuic, graifne an ċaṫa.
Ná hiomċruiḋ cuing ṁioċoṁṫrom a ḃfoċair ḋaóineaḋ gan ċreideaṁ: oír créd é caidreaḃ na fíréuntaċda ré neaṁḟiréuntaċd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorċadas?