Agus do ṫoirrċeaḋ Léah, agus rug sí mac, agus tug sí Reuben dainm áir: óir a duḃairt sí, Go deiṁin do ḟéuċ an TIĠEARNA ár mo ḃuáiḋreaḋ; a nois ar an aḋḃar sin gráiḋeóċuiḋ mfear mé.
Agus tárla, a nuáir do ḃí Israel ná ċoṁnuiġe sa duṫaiġ sin, go ndeaċuiḋ Reuben, agus gur luiġ re Bilhah leannán aṫar: agus do ċúaluiḋ Israel sin. A nois clann Iácob bá ḋá ḟear ḋéag iad.
Anois mic Reuben ceidġin Israel, (oir isé rugaḋ ar ttús; aċd, do ċionn gur ṫrúailliġ sé leaba a aṫar, tugaḋ a ċeart oiġreaċda do ṁacaiḃ Ioseṗ ṁic Israel: agus ní ḃfuil an ginealaċ re áirioṁ do réir an ċeirtbearṫa.
Agus clann Reuben, an mac fá sine ag Israel, lé na ngeinealaċ, do réir a muinntire, do réir ṫiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, do réir a cceann, gaċ firionnaċ ó ḟíċid bliaḋan dáois agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondula amaċ ċum coguiḋ;
Aċd aidṁeoċuiḋ sé mac na mná náċ ionṁuin leis mar a ċéidġin, maille re roinn ḋúbalta do ṫaḃairt dó dá gaċ uile ní ḃías aige: óir ís eision céadṫús a neirt; is leis ceart na céidġine.