1 Agus do ġoir Iacob ar a ṁacaiḃ, agus a duḃairt, Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, nó go ninneosa mé ḋáoiḃ cread ṫeigeaṁus daóiḃ sna láeṫiḃ deiġionaċa.
Agus tiucfa a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaiġ na slíaḃ, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus riṫfiḋ a nuile ċineaḋ ċuige.
Féuċ, tiúcfuid na láeṫe, iona mbéarṫar a ḃfuil an do ṫiġ, agus ar ċuireadar haiṫre súas a stór gus an ló a niuġ, don Ḃabilóin: ní ḟúigriġear aóinní, a deir an TIĠEARNA.
Cruinniġiḋ siḃsi, go léir, agus éistiġ; cía hé iona measgso dfoillsiġ na neiṫesi? Do ġráḋuiġ an TIĠEARNA é: do ḋéana sé a ṫoil ar an Mbaibiloin, agus biáiḋ a láṁ ar na Caldeánaċaiḃ.
Ní ḟillfiḋ fearg an TIĠEARNA, nó go ccríoċnuiġiḋ sé, agus go ccoiṁlíonuiḋ sé smuáintiġṫe a ċroiḋe: measfuiḋesi sin go diongṁalta annsna láeṫiḃ déiġionaċa.
Annsa treas ḃliaḋain do Ċírus ríġ na Persia do foillsiġeaḋ ní do Ḋaniel, (dar bainm Beltesassar;) agus do bfíor an ní, aċt dob ḟada an tam cinte: agus do ṫuig sé an ní, agus fúair sé tuigse na fisi.
Do ḟregair an ríġ do Ḋániel, agus a duḃairt, Is dearḃ, gur Día na ndée ḃur Ndíasa, agus Tiġearna ar ríoġuiḃ, agus foillsiṫeaċ secréideaḋ, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiuġaḋ.
Aċt annsna laéṫiḃ deiġeanaċa tiucfa a ccríċ, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaċ na slíaḃ, agus áirdeoċṫar é ós cionn na ccnoc; agus líonfuid daóine ċuige.
Agus féuċ, a nois atáim ag dul ċum mo ḋáoine: ar a naḋḃursin, tárr agus foillseoċa mé ḋuit cred do ḋéanuid na dáoinesi red ḋáoiniḃsi annsna laéṫiḃ deiġeanaċa.
Agus tíocfuiġ ċum críċe ann sna laéṫiḃ déiġeanaċa (a deir Día,) dóirtfiḋ mé dom Spiorad féin air gaċ uile ḟeóil: agus do ḋéunuid ḃur mic agus ḃur ninġeana fáiḋeadóireaċd, agus do ċífid ḃur nógánaiġ taisbéunta, agus ḃur seandáoine aislingṫe:
Cruinniġ na daóine a ḃfoċair a ċéile, fir, agus mna, agus leiniḃ, agus do ċoiṁiṫeaċ atá táoḃ a stiġ dod ḋoirsiḃ, ionnus go cluinfid síad, agus go ḃfoġlumuid, agus go mbía eagla ḃur TTIĠEARNA Dé orra, agus go gcoiṁéadaid uile ḃríaṫra an dliġe si do ḋéanaṁ:
A nuáir ḃías tú a mḃuaiḋreaḋ, agus ṫiocfas na neiṫesi uile ort, eaḋon annsna laéṫiḃ deiġeanaċa, má ḟiliéann tú ċum an TIĠEARNA do Ḋía, agus go mbía tú uṁal dá ġuṫ;
Aċd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfiḋ dream áiriġe an creideaṁ sna haimsearuiḃ deiġeanaċa, ag taḃairt aire do sbioraduiḃ seaċranaċa, agus do ṫeagusguiḃ deaṁan;
Na ḋiaiġ so do ḟéuċ me, agus, féuċ, doras fosguilte ar neaṁ: agus an céud ġúṫ do ċúaluiḋ mé, mar ḟuáim sduic ag laḃairt riom; ag ráḋ, Gaḃ a níos ann so, agus foillseóċad ḋuit na neiṫe as éigean do ḋéunaṁ na ḋiáiġ so.