Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 48:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus ar mo ṡonsa, a nuáir ṫáinig mé ó Ṗádan, fúair Ráċel bás agum a ttír Ċánaain ann sa tsliġe, a núair naċ raiḃ aċ beagán sliġeaḋ re teaċd go Héṗrat; agus do aḋluic mé ann sin í, ar sliġe Eṗraṫ; agus sé sin féin Betelem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 48:7
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí Isaac ceaṫraċad bliaḋain dáois a núair ṫug sé Rebecah do ṁnaoi, Inġean Ḃétuel an Sírianaċ ó Ṗadan-aram, deirḃṡiúr do Lában an Sírianaċ.


Agus táinic Iácob go Sálem, caṫair Ṡeċem, noċ atá a ttír Cánaain, a nuáir ṫáínic sé ó Ṗádan-Aram; agus do ṡuiḋiḋ a ṗubuil as ċoinne na caiṫreaċ.


Agus do ċuir Iácob Piléir ar a huáiġe: sé sin Piléir uáiġe Ráċel gus a niuġ.


Agus do ṫaisbéin Día a rís é féin do Iácob, a nuáir ṫáinic sé amaċ as Páda-Aram, agus do ḃeannuiġ sé é.


Agus do ċlann, noċ béurṫar ḋuit, na ndíaiġ, buḋ leaċd féin iad sin, agus goirfiġear íad do réir anma a ndearḃráiṫreaċ ann a noiġreaċd.


Aċt ṫusa, a Ḃet‐lehem Eṗrátah, bíoḋ gur beag ṫú a measg ṁílteaḋ Iúdah, giḋeaḋ tiucfaiḋ asad amaċ ċugamsa úaċdarán ḃias ar Israel; a raiḃ a ḋul amaċ ó a nallód, ó laéṫiḃ ná síorruiḋeaċda.


Do ċlos gurh a Ráma, cáoí, agus gul, agus úallfurtaċ roṁór, Raċel a cáoineaḋ a cloinne, agus níor ḃáil le sólás do ġlacaḋ, tré naċ raḃadar.


Agus do bé ainm an duine Elimeleċ, agus ainm a ṁná Naomi, agus ainm a ḋeisi mac Mahlon agus Ċilion, Eṗratitiġ ó Ḃetlehem‐Iúdah. Agus tangadar a steaċ go dúṫaiġ Ṁóab, agus dfanadar ansin.


Anois do ḃí duine áiriġ ó Ramataim‐soṗim, do ṡliaḃ Eṗraim, agus dob é a ainm Elcanah, ṁac Ieroham, ṁic Elihu, ṁic Tohu, ṁic Suṗ, Eṗratiteaċ:


A nuáir imṫeoċus tú uaimsi a niuġ, an sin do ġeaḃa tú días fear ag úaiġe Ráċel a mbrúaċ Ḃeniamin a Selsah; agus déaruíd siad riot, Na hassuil a ndeaċaiḋ tú dá níarruiḋ do fríṫ íad: agus, féaċ, do ċuir haṫair na hassail a neiṁḃríġ, agus ata doilġiosaċ umaiḃsi, ġa ráḋ, Cred ḋeanas mé fam ṁac?


Agus do rinne Samuel gaċ ní da nduḃairt an TIĠEARNA, agus ṫáinic se go Betlehem. Agus do ċrioṫnuiġeadar sinnsir an ḃaile re na ṫeaċd, agus a duḃradar, An go síoṫċánta ṫig tusa?


¶ Anois Dáiḃi bá mac é don Néṗrátiteaċsin ó Ḃetlehem‐Iudah, dar ḃamm Iesse; agus do ḃádar oċdar mac aige: agus do ḃí an tóglaċ mar ḋuine ḟoirfe a measg na ndaóine a láeṫiḃ Ṡauil.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ