5 Agus a nois do ḋías mac, Eṗráim agus Manasseh do rugaḋ ḋuit a gcriċ na Hégipte suil ṫáinig misi ċugad do Négipt, is liomsa iad; mar Reuben agus Simeon is fa liomsa íad.
Aċt a nois is marso a deir an TIĠEARNA do ċruṫaiḋ ṫusa, a Iácob, agus an té do ċum ṫú, a Israel, Ná himeagluiġ: óir dfúasguil mé ṫú, do ġoir mé ṫú as hainm; is liomsa ṫú.
Anois an tan do ġaḃ mé láiṁ riot, agus daṁairc mé ort, féuċ, do bé haimsir aimsir ġráḋa; agus do leaṫnuiġ mé mo sciorta ṫort, agus dfoluiġ mé do ṫárnoċtuiġ: fós ṫug mé mionna ḋuit, agus do ċuáiḋ mé a cunnraḋ riot, a deir an Tiġearna DIA, agus do buḋ liomsa ṫú.
Oír do ḃádar clann Ioseṗ na dá ṫreiḃ, Manasseh agus Eṗraim: ar a naḋḃarsin ní ṫugadar roinn ar biṫ do na Leḃitiḃ annsa tír, aċd caiṫreaċa do ċoṁnuiḋe ionta, maille re na ḃfoḃailtiḃ dá náirnéis agus da máoin.