4 Agus a duḃairt sé rium, Féuċ, do ḋéana mé tóirṫeaċ ṫú, agus méideóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋéana mé ḋíotiomad dáoine, agud do ḃéura mé an duṫaiḋsi dod ṡíol ad ḋiáiġ mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe.
Agus do ḃéura mé ḋuitsi, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ an fearann ann a ḃfuil tu ar cuairt, tir Ċanaáin, uile, mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe; agus biaiḋ mé mar Ḋía aca.
A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Agus do ḃéura mé ar do ṡíol foirlíonaḋ mar réulta a naiéir, agus do ḃéura mé dot ṡíol na tíorṫaso uile; agus ann do ṡíol béid uile ċiniḋeaċa na talṁan beannuiġe;
Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;
Agus do ḃí Israel na ċoṁnuiġe a gcríċ na Hégipte, a ḃfearann Gosen; agus do ḃádur ṡealḃa dúṫaiġ aca ann sin, agus do ḟásadur, agus do lionadur go hiomadaṁuil.
Agus áitreoḃuid annsa ḃfearann noċ ṫug mé do Iácob mo ṡeirḃíseaċ, mar ar ċoṁnuiġeadar ḃur naiṫre, agus áiteoċuid annsin, íad féin, agus a cclann, agus clann a ccloinne go bráṫ: agus buḋ é mo ṡeirḃíseaċ Dáiḃi a bprionnsa go bráṫ.
A nuáir do rann an té is ro áirde a noiġreaċd, do na cineaḋaċaiḃ, a nuáir do ḋealuiġ sé mic Aḋaiṁ, do ṡuiġiḋ sé teóronna na ndaoine do réir uiḃre ċloinne Israel.