Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 48:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus do ḋíult a aṫair, agus a duḃaírt, Atá a ḟios agam a ṁic, atá a ḟios agam, agus biaiḋ sé fós mór, aċ go deiṁin buḋ mó a ḋearḃráṫair is óige ná é, agus fásfuiḋ a ṡíol na niomad cineaḋaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 48:19
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar mo ṡonsa, féuċ, atá mo ċunnraḋ riot, agus biáiḋ tú a taṫair ṁóráin ciniḋeaċ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ría, Dá ċineaḋ atá ad ḃroinn, agus ḋa ċinéil dáoine ḋealóċṫar ód ċorp; agus biáiḋ cineaḋ ḋíoḃ as láidre na an cineaḋ eile; foiġeónuiḋ an sinnsear don tsósar.


Agus dob ionṁuin lé Hísaac Esau, do ċionn go niṫeaḋ dá ḟíaḋaċ: aċ dob ionṁuin le Rebecah Iácob.


Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe.


Agus a duḃairt sé, As misi Día, Día haṫar: ná bíoḋ eagla ort dul síos do Négipt; óir do ḋeana misi ann sin díot cineaḋ mór.


Agus do ṡín Israel a láṁ ḋeas amaċ, agus do ċuir ar ċeann Eṗraim í, eaḋon an mac buḋ óige, agus a láṁ ċlé ar ċeann Ṁanasseh, ag treóruġaḋ a láṁ go géurċúiseaċ; óir dob é Manasseh do rugaḋ ar ttús.


Agus a duḃairt Ióseṗ ré na aṫair, Ní mar sin, a aṫar, óir isé so an ċeidġin, cuir do láṁ ḋeas ar a ċeann.


¶ Do ḃéara an TIĠEARNA ortsa, agus ar do ḋaóiniḃ, agus ar ṫiġ haiṫreaḋ, láeṫe naċ dtáinic fós, ón ló ár ḟág Eṗraim Iúdah; tre ríġ na Hassíria.


Dob íad muinntir na Persia agus Lud agus Ṗut ann do ṡlúaġ, do luċt cogaiḋ: do ċroċaidís an sgíaṫ agus an ċinnḃeart ionnad; do ċuiredís do ḃreáḋaċt ós áird.


Do ṁéaduiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía siḃsi, agus, féuċuiḋ, atáṫáoi a niuġ mar réulta niṁe ar iomadaṁlaċd.


Is cosṁuil a ġlóir ré primidil á ḃulóige, agus is cosṁuil a aḋarca ré aḋarcuiḃ Unicorn: léo sin ḃuáilfios sé na daóine a néinfeaċt go críoċuiḃ na talṁan: agus is íad sin deíċ míle Eṗraím, agus is íad mílte Ṁanasseh íad.


Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Asér. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Neṗṫali. Do seuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ṁanasses.


Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ṡabulón. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ióseṗ. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ḃeniamin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ