Agus do ṡuiġeadur as a ċoinne, an tí fá sine do réir a ċéirt-beirṫe, agus an té dob óige do reir a ógántaċd: agus do ḃí iongnaḋ ag na daoiniḃ ann a ċéile.
Agus a nuáir do ċonnairc Ióseṗ gur ċuir á aṫair a láṁ ḋeas ar ċeann Eṗraim, do ġoill sé air: agus do ċonnuiṁ súas láṁ a aṫar da háṫruġaḋ ó ċionn Eṗraim ar ċionn Ṁanasseh.
Agus do ḋíult a aṫair, agus a duḃaírt, Atá a ḟios agam a ṁic, atá a ḟios agam, agus biaiḋ sé fós mór, aċ go deiṁin buḋ mó a ḋearḃráṫair is óige ná é, agus fásfuiḋ a ṡíol na niomad cineaḋaċ.
Ní mar sin: imṫiġiḋ siḃse a nois atá ḃur ḃfearuiḃ, agus déanuiḋ seirḃis don TIĠEARNA; óir isé sin do iarraḃair: agus do cuireaḋ amaċ íad as laṫair Ṗárao.
Aċd do ḟreagradar an ċuid glic, ag rádin, Ar eagla naċ mbiaḋ ar sáiḋ aguinn féin agus aguiḃsi: imḋiġsi ní as táosga ċum na gceannuiġṫeaḋ, agus ceannċuiġe ola ḋíḃ féin.