Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 48:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus do ṡín Israel a láṁ ḋeas amaċ, agus do ċuir ar ċeann Eṗraim í, eaḋon an mac buḋ óige, agus a láṁ ċlé ar ċeann Ṁanasseh, ag treóruġaḋ a láṁ go géurċúiseaċ; óir dob é Manasseh do rugaḋ ar ttús.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 48:14
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tug Ioseṗ Manasseh dainm ar an ccéidġin; óir do ṫug Día orúm, air sé, mo uile ṡáoṫar, agus tiġ máṫar uile do ḋearmad.


Agus tug sé Eṗraim dainm ar an dara fear: óir do rinne Día síolṁar mé a ttalaṁ mo ḃuaiḋriḋ.


Agus do rugaḋ a gcríċ na Hégipte do Ióseṗ, Manasseh, agus Eṗraim, noċ rug Asenat inġean Ṗotiṗerah sagart On dó.


Agus do ġlac Ióseṗ íad aráon, Eṗráim an a láiṁ ḋeis leaṫ ré láiṁ ċlí Israel, agus Manasseh ann a láiṁ ċlé leaṫ ré láiṁ ḋeis Israel, agus tug sé a ḃfogus dó íad.


Agus a nuáir do ċonnairc Ióseṗ gur ċuir á aṫair a láṁ ḋeas ar ċeann Eṗraim, do ġoill sé air: agus do ċonnuiṁ súas láṁ a aṫar da háṫruġaḋ ó ċionn Eṗraim ar ċionn Ṁanasseh.


Agus a duḃairt Ióseṗ ré na aṫair, Ní mar sin, a aṫar, óir isé so an ċeidġin, cuir do láṁ ḋeas ar a ċeann.


A duḃairt an TIĠEARNA lem Ṫiġearna, Suiḋsi air mo láiṁ ḋeis, go ndéarna mé do cosstól dot naiṁdiḃ.


Atá láṁ ḋeas an TIĠEARNA ar na hárduġaḋ: do ní láṁ ḋeas an TIĠEARNA cróḋaċt.


Do rinneaḋ do láṁ ḋeas, ó a ṪIĠEARNA, glórṁar a ccuṁaċd: do ḃris do láṁ ḋeas, o a TIĠEARNA, an náṁuid na mbloġuiḃ.


¶ Don taoiḃ ṡíar ḃias brataċ ċampa Eṗráim do réir a slúaiġ: agus buḋ é caiptín ċloinne Eṗraim Elisama mac Amihúd.


Agus do ḃéara tú na Leḃítiġ a laṫair an TIĠEARNA: agus cuirfid clann Israel a láṁa ar na Leḃítiḃ:


Agus do ġlac mé na Leḃítiġ ar son a nuile ċéaidġin do ċloinn Israel.


Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi ṫóigeaḃus misi méagluis féin; agus naċ béaruid geatuiḋe ifeirn búaiḋ uirrṫe.


Tugaḋ ċuige an tráṫsin leiniḃ beagam, do ċum go gcuirfeaḋ sé a láṁa orrṫa, agus go ndéanaḋ sé urnuiġe: agus do spreagadar na deisciobuil íad.


Agus tar éis a láṁa do ċur orṫa, do imṫiġ sé as sin.


Agus an tan do ní tú urnuiġe, na bi mar luċd an ḟúarċrábbaiġ: óir is ionṁain léo urnuiġṫe ḋeúnaṁ sna sionagógaiḃ agus a gcoṁrac na ród na seasaṁ, do ċum go ḃfaicfidis na dáoine iád. Go deiṁin a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarusdal aca.


Agus do ċuir se a láṁa uirre: agus do rinneaḋ díreaċ ar ball í, agus tug sí glóir do Ḋía.


Agus ar ndul don ġrein faoi, gaċ áon ága raḃadar dáoine eagcrúaiḋ ó ṫinneasaiḃ éugsaṁla tugadar ċuigesean íad; agus ar gcur a láiṁ ḋósan ar gaċ áon díoḃ, do ṡlánuiġ sé íad.


An sin ar ndéunaṁ troisge agus úrnaiġe ḋóiḃ, agus ar gcur láṁ orṫa, do léigeadar úaṫa íad.


Do ċuireadar íad so a ḃfíaḋnuise na nabsdal: agus ar ndéunaṁ urnuiġe ḋóiḃsean, do ċuireadar a láṁa orrṫa.


¶ Agus do ḃí Iosua ṁac Nun líonta do spioruid an ġliocuis; óir do leag Maóisi a láṁa air: agus do uṁluiġeadar clann Israel dó, agus do rinneadar mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Ná léig failliḋe sa dtioḋlacaḋ atá ionnad, noċ tugaḋ ḋuit tré fáiḋeadóireaċd maille ré leagaḋ láṁ na sinnsear.


Ná cuir láṁa go hobann ar áoinneaċ, agus ná bí pártaċ ré péacuiġiḃ ḋáoineaḋ eile: connaiṁ ṫú féin glan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ