Agus do ṫóg a ṡúile suas, agus daṁarc sé, agus féuċ, tríurfear na seasaṁ laiṁ ris, agus a nuáir do ċonnairc sé íad do riṫ na gcoinne ó ḋorus na puible, agus do ċláon é féin go talaṁ.
Agus tangadar dá aingeal go Sodom traṫnóna; agus do ḃí Lot na ṡuiġe a ngeata Ṡodom: agus a nuair do ċonnairc Lot íad, do éiriġ súas do ṫeagṁail ríu; agus do ċlaon sé é féin maille ré na ġnúis sios go talaṁ;
Agus dob é Ióseṗ dob uaċdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacaḋ ré daoiniḃ na tíre úile agus tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ, agus do uṁluiġéadur íad féin sios dá laṫair lé na naigṫiḃ go talaṁ.
Agus do ġlac Ióseṗ íad aráon, Eṗráim an a láiṁ ḋeis leaṫ ré láiṁ ċlí Israel, agus Manasseh ann a láiṁ ċlé leaṫ ré láiṁ ḋeis Israel, agus tug sé a ḃfogus dó íad.
Do ċuáiḋ Bat‐seba uimé sin mar a raiḃ an ríġ Solaṁ, do laḃairt ris ar son Adoniiah. Agus déiriġ an ríġ súas na coinne, agus do uṁluiḋ sé é féin di, agus do ṡuiġ sé iona ċaṫaóir rióġa, agus ṫug fa deara caṫaóir do ṫaḃairt ċum maṫair an ríġ; agus do ṡuiġ sí ar a láiṁ ḋeis.