Agus tárla, a núair do ḃí Isaac foirfe, agus do raḃadur a ṡuile dorċa, ionnus naċ ḃfaiceaḋ sé, do ġoir se Esau a ṁac buḋ ṡine, agus a duḃairt ris, A ṁic: agus a duḃairt seision ris, Féuċ, atáim annso.
Agus táinic ċuige, agus do ṗóg é: aus do ḃoltnuiġ balaḋ éaduiġ, agus do ḃeannuiġ é, agus a duḃairt, Féuċ, atá balaḋ mo ṁic mar ḃalaḋ ṁuiġe do ḃeannuiġ an TIĠEARNA.
Agus go moċ ar maidin do éiriġ Lában súas agus do ṗóg sé a ṁic agus a inġeana, agus do ḃeannuiġ sé íad: agus do ḋealuiġ Lában riú, agus do ḟill ċum a áite féin.
Agus dfág seision na daiṁ, agus do rioṫ a ndiáiġ Elias, agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ maṫair agus mo ṁaṫair do ṗógaḋ, agus annsin leanfuiḋ mé ṫú. Agus a duḃairt seision rís, Imṫiġ ar hais a rís: óir cred do rinne misi riot?
Ann sa ló a ccrioṫnoċuid coiṁéaduiġṫe an tiġe, agus a ccláonfuid na daóine láidre íad féin, agus a scuirfid na meillteóiriġ do ḃríġ go ḃfuilid tearc, agus an drong ḟéuċas amaċ annsna fuinnéogaiḃ go mbíd dorċaiḋṫe,
Déana croiḋe na ndaómesi méiṫ, agus déana a cclúasa trom, agus druid a súile; deagla go ḃfaicfidis le na súiliḃ, agus go ccluintidís lé na cclúasaiḃ, agus go ttuigfidís lé na ccroiḋe, agus go ḃfillfidís, agus go mbéidís slán.